+Airteagal 84 Leasanna mionlaigh atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
---+Airteagal 84 1.
---+Airteagal 84 2.
---+Airteagal 84 3.
---+Airteagal 84 4.
---+Airteagal 84 5.
---+Airteagal 84 6.
|
Airteagal 84 Leasanna mionlaigh atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 84 1.
|
Déanfaidh institiúidí méid na leasanna mionlaigh a bheidh ag fochuideachta i gcaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh tríd an toradh a bheidh ar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) agus é iolraithe faoin gcéatadán dá dtagraítear i bpointe (b) a dhealú ó leasanna mionlaigh an ghnóthais sin mar a leanas:
▼M17
(a)
caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta lúide an ceann is ísle díobh seo a leanas:
(i)
an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá ag an bhfochuideachta sin a theastaíonn chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
(1)
i gcás inar ceann díobhsan a liostaítear in Airteagal 81(1), pointe (a), den Rialachán seo í an fhochuideachta ach nach gnólacht infheistíochta ná cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (a), den Rialachán seo, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(2)
i gcás inar gnólacht infheistíochta nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta í an fhochuideachta, suim an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/2034, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
(ii)
an méid de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a bhaineann leis an bhfochuideachta sin atá faoi cheangal ar bhonn comhdhlúite an tsuim atá sa cheanglas a leagtar síos in Airteagal 92(1), pointe (a), den Rialachán seo a chomhlíonadh, na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 458 agus 459 den Rialachán seo, na ceanglais shonracha cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE agus an ceanglas maoláin comhcheangailte a shainmhínítear in Airteagal 128, pointe (6), den Treoir sin, nó aon rialacháin mhaoirseachta áitiúla i dtríú tíortha, a mhéid atá na ceanglais sin le comhlíonadh le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;
▼C5
(b)
leasanna mionlaigh na fochuideachta arna sloinneadh mar chéatadán d’ítimí uile de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 an ghnóthais sin.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt d’institiúid ceachtar de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó (ii) a asbhaint a luaithe a léireoidh an institiúid sin chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil an méid breise leasa mhionlaigh ar fáil chun caillteanais a ionsú ar an leibhéal comhdhlúite.
|
|
Airteagal 84 2.
|
Déanfar an ríomh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn fo-chomhdhlúite le haghaidh gach fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). Féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh gan an ríomh sin a dhéanamh le haghaidh fochuideachta dá dtagraítear in Airteagal 81(1). I gcás ina ndéanann institiúid cinneadh mar sin, d'fhéadfaí nach n-áireofaí leas mionlach na fochuideachta sin i gcaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite.
|
|
Airteagal 84 3.
|
I gcás ina maolóidh údarás inniúil ó chur i bhfeidhm ceanglas stuamachta ar bhonn aonair, mar a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo nó, de réir mar is infheidhme, mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2033 ní aithneofar an leasanna mionlaigh sna fochuideachtaí a gcuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm ina leith i gcistí dílse ar an leibhéal fo-chomhdhlúite nó ar an leibhéal comhdhlúite, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 84 4.
|
Forbróidh an ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn an ríomh fo-chomhdhlúite a éilítear i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, le hAirteagal 85 agus le hAirteagal 87, a shonrú. Cuirfidh an ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Iúil 2013. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir lehAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 84 5.
|
Féadfaidh údaráis inniúla tarscaoileadh ó fheidhmiú an Airteagail seo a thabhairt do mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha seo go léir:
(a)
is é a príomhghníomhaíocht sealúchas a fháil;
(b)
tá sé faoi réir maoirseachta stuamachta ar bhonn comhdhlúite;
▼M17
(c)
déanann sí comhdhlúthú ar fho-institiúid nach bhfuil ach sealbhaíocht mhionlach aici inti de bhua na gaolmhaireachta rialaithe de bhrí Airteagal 4(1), pointe (37);
▼B
(d)
tagann níos mó ná 90 % den chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a éilítear ón bhfo-institiúid dá dtagraítear i pointe c) agus a ríomhtar ar bhonn fho-chomhdhlúite.
►C1
I gcás, tar éis an 28 Meitheamh 2013, ina n-éireoidh máthairchuideachta ◄ shealbhaíochta airgeadais a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír, ina máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, féadfaidh údaráis inniúla an tarscaoileadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonú don mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha sin ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar síos san fhomhír sin.
|
|
Airteagal 84 6.
|
I gcás ina mbeidh scéim trasráthaíochta curtha ar bun ag institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe go buan i líonra le comhlacht lárnach agus institiúidí a bhunaítear laistigh de scéim cosanta institiúideach faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 113(7) lena bhforáiltear nach ann d'aon bhac dlíthiúil, praiticiúil ná ábharach, ná súil le bac den sórt sin, i gcás aistriú cistí dílse os cionn na gceanglas rialála ón gcontrapháirtí chuig an institiúid chreidmheasa, beidh díolúine ag na hinstitiúidí sin ó fhorálacha an Airteagail sin maidir le laghduithe agus féadfaidh sé aon leas mionlach a eascraíonn laistigh den scéim trasráthaíochta a aithint ina iomláine.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|