+Airteagal 93 Ceanglas caipitil tosaigh ar ghnóthas leantach
---+Airteagal 93 1.
---+Airteagal 93 2.
---+Airteagal 93 4.
---+Airteagal 93 5.
---+Airteagal 93 6.

Airteagal 93 Ceanglas caipitil tosaigh ar ghnóthas leantach

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 93 1.
Ní fhéadfaidh cistí dílse institiúide titim faoin méid caipitil tosaigh arna cheangal tráth a údaraithe.
Airteagal 93 2.
Maidir le hinstitiúidí creidmheasa a bhí ar an bhfód cheana féin an 1 Eanáir 1993, nach mbaineann méid a gcuid cistí dílse amach an méid caipitil tosaigh arna cheangal, féadfaidh siad leanúint dá gcuid gníomhaíochtaí. Sa chás sin, ní fhéadfaidh méid chistí dílse na n-institiúidí sin titim faoin leibhéal is airde a baineadh amach le héifeacht ón 22 Nollaig 1989.
Airteagal 93 4.
I gcás ina dtiocfaidh institiúid atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2 faoi rialú duine nádúrtha nó dhlítheanaigh nach é an duine é a raibh an institiúid faoina rialú roimhe sin, bainfidh méid chistí dílse na hinstitiúide sin amach an méid caipitil tosaigh a cheanglaítear.
Airteagal 93 5.
I gcás cumasc dhá institiúid nó níos mó atá laistigh den chatagóir dá dtagraítear i mír 2, ní thitfidh méid chistí dílse na hinstitiúide a thiocfaidh as an gcumasc sin faoi bhun chistí dílse iomlána na n-institiúidí cumaiscthe tráth an chumaisc, fad is nach bhfuil méid an chaipitil tosaigh a cheanglaítear bainte amach.
Airteagal 93 6.
I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla gur gá an ceanglas a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh chun sócmhainneacht institiúide a áirithiú, ní bheidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i míreanna 2, 4 agus 5.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas