+Airteagal 104a Suíomh a athaicmiú
---+Airteagal 104a 1.
---+Airteagal 104a 2.
---+Airteagal 104a 3.
---+Airteagal 104a 4.
---+Airteagal 104a 5.
---+Airteagal 104a 6.

Airteagal 104a Suíomh a athaicmiú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 104a 1.
Beidh beartais a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúidí chun na himthosca eisceachtúla sin a shainaithint a bhfuil údar cuí leo suíomh leabhair trádála a athaicmiú mar shuíomh leabhair neamhthrádála nó, os a choinne sin, suíomh leabhair neamhthrádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála chun na ceanglais cistí dílse a chinneadh chun sástacht na n-údarás inniúil. Déanfaidh na hinstitiúidí athbhreithniú ar na beartais sin ar bhonn bliantúil ar a laghad.

Déanfaidh ÚBE faireachán ar raon na gcleachtas maoirseachta agus eiseoidh sé treoirlínte faoin 10 Iúil 2027, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, faoin mbrí atá le himthosca eisceachtúla chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo agus mhír 5 den Airteagal seo. Go dtí go n-eiseoidh ÚBE na treoirlínte sin, cuirfidh údaráis inniúla ÚBE ar an eolas faoina gcinntí maidir le cé acu a thabharfaidh siad cead d’institiúid a suíomh a athaicmiú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó nach dtabharfaidh, agus an réasúnaíocht a bheidh leis.

Airteagal 104a 2.
Ní thabharfaidh údaráis inniúla a gcead suíomh leabhair trádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála nó, os a choinne sin, suíomh leabhair neamhthrádála a athaicmiú ina shuíomh leabhair trádála chun críche ceanglais cistí dílse a chinneadh ach amháin i gcás inar sholáthair an institiúid fianaise i scríbhinn do na húdaráis inniúla go bhfuil a cinneadh chun an suíomh sin a athaicmiú bunaithe ar imthoisc eisceachtúil atá comhsheasmhach leis na beartais a leagfaidh an institiúid amach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Chun na críche sin, soláthróidh an institiúid fianaise leordhóthanach nach gcomhlíonann an suíomh an coinníoll gur cheart an suíomh a aicmiú mar shuíomh leabhair trádála nó mar shuíomh leabhair neamhthrádála de bhun Airteagal 104.

Déanfaidh comhlacht bainistíochta na hinstitiúide an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhormheas.

Airteagal 104a 3.

I gcás inar thug údarás inniúil an cead suíomh leabhair trádála a athaicmiú i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an institiúid a fuair an cead an méid seo a leanas:

(a) 

gan aon mhoill, an dá ní seo a leanas a nochtadh go poiblí,

(i) 

an fhaisnéis go ndearnadh a shuíomh a athaicmiú, agus

(ii) 

i gcás ina mbeidh laghdú ar cheanglais cistí dílse na hinstitiúide mar éifeacht ar an athaicmiú sin, méid an laghdaithe; agus

(b) 

i gcás inar laghdú ar cheanglais cistí dílse na hinstitiúide éifeacht an athaicmithe sin, ní aithneoidh sí an éifeacht sin go dtí go n-aibeoidh an suíomh, mura gceadóidh údarás inniúil na hinstitiúide di an éifeacht a aithint ar dháta níos luaithe.

Airteagal 104a 4.
Ríomhfaidh an institiúid an glanathrú ar mhéid a ceanglas cistí dílse de bharr an suíomh a athaicmiú mar an difríocht idir an ceanglas cistí dílse díreach tar éis an athaicmithe agus na ceanglais cistí dílse díreach roimh an athaicmiú, agus iad araon á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92. Ní chuirfear tosca ar bith eile san áireamh sa ríomh seachas an t-athaicmiú.
Airteagal 104a 5.
Ní fhéadfar athaicmiú suímh a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo a chúlghairm, ach amháin sna himthosca eisceachtúla dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 104a 6.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh institiúid suíomh leabhair neamhthrádála a athaicmiú mar shuíomh leabhair trádála de bhun Airteagal 104(2), pointe (d), gan cead a lorg óna húdarás inniúil. I gcás mar sin, beidh feidhm i gcónaí ag na ceanglais a leagtar síos i míreanna 3 agus 4 maidir leis an institiúid. Tabharfaidh institiúid fógra dá húdarás inniúil láithreach i gcás inar tharla athaicmiú mar sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas