+Airteagal 104c Fáluithe riosca malairte eachtraí de chuid cóimheasa caipitil a láimhseáil
---+Airteagal 104c 1.
---+Airteagal 104c 2.
---+Airteagal 104c 3.
---+Airteagal 104c 4.
|
Airteagal 104c Fáluithe riosca malairte eachtraí de chuid cóimheasa caipitil a láimhseáil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 104c 1.
|
Féadfaidh institiúid a bhfuil suíomh riosca tógtha aici d’aon turas chun fálú a dhéanamh, ar a laghad go páirteach, in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil dá dtagraítear in Airteagal 92(1), pointí (a), (b) agus (c), féadfaidh sí, faoi réir chead a húdaráis inniúil, an suíomh riosca sin a eisiamh ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí dá dtagraítear in Airteagal 325(1), ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha a leanas:
(a)
tá uasmhéid an tsuímh riosca a eisiatar ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh teoranta do mhéid an tsuímh riosca a neodraíonn íogaireacht aon cheann de na cóimheasa caipitil chuig na gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí;
(b)
eisiatar an suíomh riosca ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh ar feadh ar a laghad 6 mhí;
(c)
tá creat bainistíochta riosca iomchuí bunaithe ag an institiúid chun na gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil a fhálú, lena n-áirítear straitéis fálúcháin shoiléir agus struchtúr rialála soiléir;
(d)
tá údar le suíomh riosca a eisiamh ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh, mionsonraí an tsuímh riosca sin agus an méid le heisiamh, tugtha ag an institiúid don údarás inniúil.
|
|
Airteagal 104c 2.
|
Déanfar aon eisiamh ar shuíomhanna riosca ó na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcomhréir le mír 1 a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach.
|
|
Airteagal 104c 3.
|
Formheasfaidh an t-údarás inniúil aon athrú a dhéanfaidh an institiúid ar an gcreat bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), agus ar mhionsonraí na suíomhanna riosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (d).
|
|
Airteagal 104c 4.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
na suíomhanna riosca is féidir le hinstitiúid a thógáil d’aon turas chun fálú a dhéanamh, ar a laghad go páirteach, in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha i rátaí malairte eachtraí ar aon cheann dá cóimheasa caipitil dá dtagraítear i mír 1;
(b)
conas an t-uasmhéid dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a chinneadh, agus an bealach atá institiúid leis an méid sin a eisiamh maidir le gach ceann de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1);
(c)
na critéir atá le comhlíonadh ag creat bainistíochta riosca institiúide dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), chun é a mheas a bheith iomchuí chun críocha an Airteagail seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|