+Airteagal 148 Coinníollacha maidir leis an gCur Chuige IRB a chur chun feidhme thar aicmí éagsúla►C9neamhchosanta◄agus aonad gnó
---+Airteagal 148 1.
---+Airteagal 148 2.
---+Airteagal 148 3.
|
Airteagal 148 Coinníollacha maidir leis an gCur Chuige IRB a chur chun feidhme thar aicmí éagsúla►C9neamhchosanta◄agus aonad gnó
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 148 1.
|
Déanfaidh institiúid a gceadaítear di Cur Chuige IRB a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 107(1) mar aon le haon mháthairghnóthas agus a fochuideachtaí, Cur Chuige IRB a chur chun feidhme le haghaidh ceann amháin ar a laghad de na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (a), pointe (aa)(i) nó (ii), pointe (b), pointe (c)(i), (ii) nó (iii), pointe (d)(i), (ii), (iii) nó (iv) nó pointe (g). A luaithe a bheidh Cur Chuige IRB curtha chun feidhme ag institiúid maidir le cineál áirithe neamhchosaintí atá laistigh den aicme neamhchosanta sin, déanfaidh sí amhlaidh maidir leis na neamhchosaintí uile atá laistigh den aicme neamhchosanta sin, mura mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil an Cur Chuige Caighdeánaithe a úsáid go buan i gcomhréir le hAirteagal 150. Faoi réir réamhchead na n-údarás inniúil, féadfar Cur Chuige IRB a chur chun feidhme go seicheamhach ar feadh na gcineálacha éagsúla neamhchosaintí laistigh d’aicme neamhchosanta ar leith laistigh den aonad gnó céanna agus feadh na n-aonad gnó éagsúla sa ghrúpa céanna, nó ar mhaithe lena meastacháin féin ar LGD nó chun IRB-CCF a úsáid.
|
|
Airteagal 148 2.
|
Cinnfidh na húdaráis inniúla an tréimhse a gceanglófar ar institiúid agus ar aon mháthairghnóthas agus a fhochuideachtaí Cur Chuige IRB a chur chun feidhme lena linn maidir le gach neamhchosaint atá laistigh d’aicme neamhchosanta ar leith thar chineálacha éagsúla neamhchosaintí laistigh den aonad gnó céanna agus thar aonaid ghnó éagsúla sa ghrúpa céanna, nó ar mhaithe lena meastacháin féin ar LGD a úsáid nó chun IRB-CCF a úsáid, de réir mar is infheidhme. Is tréimhse í sin a mheasann na húdaráis inniúla a bheith iomchuí ar bhonn chineál agus scála ghníomhaíochtaí na hinstitiúide lena mbaineann, nó de chuid aon mháthairghnóthais agus a fhochuideachtaí, agus líon agus cineál na gcóras rátála atá le cur chun feidhme.
|
|
Airteagal 148 3.
|
Déanfaidh institiúidí Cur Chuige IRB a chur chun feidhme de réir na gcoinníollacha arna gcinneadh ag na húdaráis inniúla. Leagfaidh an t-údarás inniúil amach na coinníollacha sin amhail is go n-áiritheoidh siad nach n-úsáidfear go roghnaitheach an tsolúbthacht faoi mhír 1 ar mhaithe le ceanglais cistí dílse laghdaithe a bhaint amach maidir leis na cineálacha neamhchosaintí nó aonad gnó sin atá le cur ar áireamh fós i gCur Chuige IRB, nó chun a meastacháin féin ar LGD a úsáid agus chun IRB-CCF a úsáid.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|