+Airteagal 325a Coinníollacha maidir leis an gcur chuige caighdeánaithe simplithe a úsáid
---+Airteagal 325a 1.
---+Airteagal 325a 2.
---+Airteagal 325a 3.
---+Airteagal 325a 4.
---+Airteagal 325a 5.
---+Airteagal 325a 6.
---+Airteagal 325a 7.
|
Airteagal 325a Coinníollacha maidir leis an gcur chuige caighdeánaithe simplithe a úsáid
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 325a 1.
|
►M17
Féadfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh agus an cur chuige caighdeánaithe simplithe dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (c), á úsáid aici, ar choinníoll gur lú méid gnó na hinstitiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir riosca margaidh ná gach ceann de na tairseacha seo a leanas, nó go bhfuil sé cothrom leo, ar bhonn measúnú a dhéantar go míosúil, agus sonraí ó lá deireanach na míosa á n-úsáid: ◄
(a)
10 % de shócmhainní iomlána na hinstitiúide;
|
|
Airteagal 325a 2.
|
Déanfaidh institiúidí méid a ngnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir
►C12
riosca ◄ margaidh bunaithe ar shonraí amhail ón lá deireanach de gach mí i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
(a)
áireofar na suíomhanna go léir a shannfar don leabhar trádála, cé is moite de dhíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar
►C12
neamhchosainti ◄ leabhair neamhthrádála ar
►C12
riosca ◄ creidmheasa agus idirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán
►C12
riosca ◄ margaidh na bhfáluithe inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 106(3);
▼M17
(b)
áireofar gach suíomh den leabhar neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó tráchtearraí, seachas na suíomhanna sin atá eisiata ó ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí i gcomhréir le hAirteagal 104c nó iad siúd a asbhaintear as cistí dílse na n-institiúidí féin;
▼C7
(c)
déanfar gach suíomh a luacháil ag a luachanna ar an margadh an dáta sin, seachas na suíomhanna dá dtagraítear i bpointe (b); i gcás nach bhfuil luach margaidh suímh leabhair thrádála ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh leabhair thrádála a ghlacadh ar an dáta sin; i gcás nach bhfuil an luach cóir agus luach margaidh ar shuíomh leabhair thrádála ar fáil ar dháta ar leith, déanfaidh institiúidí an luach is déanaí, cibé an luach margaidh nó an luach cóir, don suíomh sin a ghlacadh;
▼M8
(d)
déanfar gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir
►C12
riosca ◄ malairte eachtraí a mheas mar ghlansuíomh foriomlán in airgeadra eachtrach agus a luacháil i gcomhréir le hAirteagal 352;
(e)
déanfar gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir
►C12
riosca ◄ tráchtearra a mheas i gcomhréir le hAirteagail 357 agus 358;
▼M17
f)
déanfar luach absalóideach an tsuímh fhada chomhiomlánaithe a shuimiú le luach absalóideach an tsuímh ghearr chomhiomlánaithe.
Chun críocha na chéad fhomhíre, is ionann ciall na suíomhanna fada agus suíomhanna gearra agus an chiall a leagtar amach in Airteagal 94(3). Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh luach an tsuímh fhada (gearr) chomhiomlánaithe cothrom le suim luachanna na suíomhanna fada (gearr) aonair a áirítear sa ríomh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) den fhomhír sin.
|
|
Airteagal 325a 3.
|
Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla nuair a ríomhfaidh siad a gceanglais cistí dílse le haghaidh
►C12
riosca ◄ margaidh i gcomhréir leis an Airteagal seo, nó nuair a scoirfidh siad de na ceanglais sin a ríomh.
|
|
Airteagal 325a 4.
|
Institiúid nach gcomhlíonfaidh a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 tabharfaidh sí fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill.
|
|
Airteagal 325a 5.
|
►M17
Scoirfidh institiúidí de na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh i gcomhréir leis an gcur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (c), laistigh de 3 mhí ó cheachtar díobh seo a leanas: ◄
(a)
ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh trí mhí as a chéile; nó
(b)
níor chomhlíon an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1 ar feadh níos mó ná 6 mhí de na 12 mhí dheireanacha.
|
|
Airteagal 325a 6.
|
I gcás institiúid a scoir de na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (c), á úsáid aici, ní cheadófar di tosú ar na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh ag úsáid an chur chuige sin ach amháin i gcás ina léiríonn sí don údarás inniúil go bhfuil na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh ar feadh tréimhse 1 bhliain gan bhriseadh.
|
|
Airteagal 325a 7.
|
Ní thiocfaidh institiúid i suíomh ná ní dhéanfaidh sí suíomh a cheannach ná a dhíol, d'aon ghnó, chun ceann ar bith de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh i rith an mheasúnaithe mhíosúil agus chun na críche sin amháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|