+Airteagal 428f Sócmhainní agus dliteanais idirspleácha
---+Airteagal 428f 1.
---+Airteagal 428f 2.
---+Airteagal 428f 3.

Airteagal 428f Sócmhainní agus dliteanais idirspleácha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428f 1.

Faoi réir réamhfhormheas na n-údarás inniúil, féadfaidh institiúid a mheas go bhfuil sócmhainn agus dliteanas idirspleách ar a chéile, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

ní fheidhmíonn an institiúid ach mar aonad faoi bhealach chun an maoiniú a threorú ón dliteanas isteach sa tsócmhainn idirspleách chomhfhreagrach;

(b) 

tá na sócmhainní agus na dliteanais idirspleácha aonair inaitheanta go soiléir agus tá an phríomhshuim chéanna acu;

(c) 

tá aibíochtaí comhoiriúnaithe mórán mar an gcéanna ag an tsócmhainn agus ag an dliteanas idirspleách agus tá moill uasta 20 lá idir aibíocht na sócmhainne agus aibíocht an dliteanais;

(d) 

iarradh an dliteanas idirspleách de bhun ceanglas dlíthiúil, rialála nó conarthach agus ní úsáidtear é chun sócmhainní eile a mhaoiniú;

(e) 

ní úsáidtear na sreabha príomhshuime ón tsócmhainn chun críocha eile seachas chun an dliteanas idirspleách a aisíoc;

(f) 

ní hionann na contrapháirtithe le haghaidh gach péire sócmhainní agus dliteanas idirspleách.

Airteagal 428f 2.

Measfar go gcomhlíonfaidh sócmhainní agus dliteanais na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus measfar iad a bheith idirspleách i gcás ina bhfuil baint dhíreach acu leis na táirgí nó na seirbhísí seo a leanas:

(a) 

coigiltis rialáilte láraithe, ar an gcoinníoll go bhfuil ceangal dlí ar institiúidí taiscí rialáilte a aistriú chuig ciste láraithe arna chur ar bun agus arna rialú ag rialtas láir Ballstáit agus lena gcuirfear iasachtaí ar fáil chun cuspóirí leasa phoiblí a chur chun cinn, agus ar an gcoinníoll go n-aistreofar taiscí chuig an gciste láraithe ar bhonn míosa ar a laghad;

(b) 

iasachtaí cur chun cinn agus saoráidí creidmheasa agus leachtachta a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) i gcomhair institiúidí atá ag gníomhú mar ghnáth-idirghabhálaithe nach dtabhaíonn aon phriacal cistiúcháin;

(c) 

bannaí faoi chumhdach a chomhlíonfaidh na coinníollacha seo a leanas uile:

(i) 

is bannaí iad dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE nó comhlíonann siad na ceanglais incháilitheachta don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó in Airteagal 129(5) den Rialachán seo;

(ii) 

déantar na hiasachtaí foluiteacha a mhaoiniú le cistiúchán comhréireach trí bhannaí faoi chumhdach a eisíodh nó go bhfuil sna bannaí faoi chumhdach truicir aibíochta neamh-lánroghnacha insínte aon bhliana amháin nó níos mó go dtí go mbeidh téarma na n-iasachtaí foluiteacha istigh i gcás teip athmhaoinithe ag dáta aibíochta an bhanna faoi chumhdach;

(d) 

gníomhaíochtaí imréitigh díorthach cliant, ar an gcoinníoll nach dtabharfaidh an institiúid aon ráthaíocht maidir le feidhmíocht an chontrapháirtí lárnaigh dá cliaint agus nach dtabhóidh sí aon phriacal cistiúcháin dá bharr.

Airteagal 428f 3.
Déanfaidh ÚBE faireachán ar shócmhainní agus ar dhliteanais, chomh maith le táirgí agus seirbhísí a láimhseáiltear mar shócmhainní agus dhliteanais idirspleácha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 chun a chinneadh an gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i mír 1 agus chun a mhéid a chomhlíontar iad a chinneadh. Cuirfidh ÚBE tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le torthaí an fhaireacháin sin agus cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún an mbeadh leasú ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 nó leasú ar liosta na dtáirgí agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 riachtanach nó nach mbeadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas