+Airteagal 5 Na socruithe oibre a bheidh ag baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
|
Airteagal 5 Na socruithe oibre a bheidh ag baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Déanfaidh baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach na cúraimí a shainaithnítear sa phlean formhaoirseachta bliantúil aonair leis an inniúlacht chuí, cúram cuí agus dícheall cuí, gan aon chlaonadh agus i gcomhréir le treoracha chomhordaitheoir an Phríomh-Fhormhaoirseora dá dtagraítear in Airteagal 40(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2554.
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Agus cúraimí formhaoirseachta á ndéanamh acu, déanfaidh baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach nósanna imeachta formhaoirseachta arna ndréachtú go comhpháirteach ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha i ndáil le gníomhaíochtaí formhaoirseachta a leanúint agus i ndáil le haon réimse oibríochtúil ábhartha, lena n-áirítear sonraíochtaí a bhaineann le húsáid uirlisí agus trealaimh TF agus bainistiú ama.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. Leanfaidh baill den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach na sonraíochtaí agus na treoracha faisnéise agus láimhseála sonraí a sholáthraíonn comhordaitheoir an Phríomh-Fhormhaoirseora dá dtagraítear in Airteagal 40(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2554 agus comhlíonfaidh siad córas rúndachta na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.
|
|
Airteagal 5 4
|
4. Bunóidh an Príomh-Fhormhaoirseoir agus na húdaráis ainmniúcháin socruithe chun na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear socruithe maidir leis an am a chaitear agus na costais mheasta a bhaineann leis na gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanann an fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach, oiliúint, agus breithnithe eiticiúla agus iompair i ndáil le ról na mball den fhoireann scrúdúcháin chomhpháirteach, i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 5 5
|
5. Áiritheoidh an Príomh-Fhormhaoirseoir agus na húdaráis ainmniúcháin go ndéanfar na socruithe dá dtagraítear i mír 4 a chur chun feidhme go tráthúil, go ndéanfar iad a athbhreithniú agus a choinneáil cothrom le dáta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|