+Airteagal 5 Athruithe ábhartha ar shocruithe fochonraitheoireachta seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4

Airteagal 5 Athruithe ábhartha ar shocruithe fochonraitheoireachta seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1

1.   Déantar foráil leis an socrú conarthach go gcuirfidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí an t-eintiteas airgeadais ar an eolas go maith in am trátha faoi aon athrú ábhartha atá beartaithe ar a shocruithe fochonraitheoireachta chun a chur ar a chumas don eintiteas airgeadais measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(a)

an tionchar ar na rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sé a bheith neamhchosanta orthu;

(b)

cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh athruithe ábhartha den sórt sin difear a dhéanamh do chumas an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a oibleagáidí conarthacha i leith an eintitis airgeadais a chomhlíonadh.

Airteagal 5 2

2.   Beidh tréimhse fógra réasúnach sa socrú conarthach faoina bhformheasfaidh an t-eintiteas airgeadais na hathruithe nó faoina gcuirfidh sé ina n-aghaidh.

Airteagal 5 3

3.   Ní chuirfidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí na hathruithe ábhartha ar a shocruithe fochonraitheoireachta chun feidhme ach amháin tar éis don eintiteas airgeadais na hathruithe a fhormheas nó gan agóid a dhéanamh ina n-aghaidh faoi dheireadh na tréimhse fógra.

Airteagal 5 4

4.   I gcás ina bhfuil an t-eintiteas airgeadais den tuairim go sáraíonn na hathruithe ábhartha dá dtagraítear i mír 1 lamháltas riosca an eintitis airgeadais, déanfaidh an t-eintiteas airgeadais an méid seo a leanas roimh dheireadh na tréimhse fógra:

(a)

soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a chur ar an eolas faoi sin;

(b)

agóid a dhéanamh in aghaidh na n-athruithe agus modhnuithe ar na hathruithe sin a iarraidh sula gcuirfear chun feidhme iad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas