+Airteagal 9 Céim an ullmhúcháin
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
---+Airteagal 9 6
---+Airteagal 9 7
---+Airteagal 9 8
---+Airteagal 9 9
---+Airteagal 9 10
---+Airteagal 9 11
---+Airteagal 9 12
|
Airteagal 9 Céim an ullmhúcháin
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Eintiteas airgeadais a shainaithnítear de bhun Airteagal 26, mír 8, an tríú fomhír de Rialachán (AE) 2022/2554, tionscnóidh sé TLPT tar éis fógra a fháil ó údarás TLPT go bhfuil TLPT le déanamh.
|
|
Airteagal 9 2
|
2. Déanfaidh eintiteas airgeadais, laistigh de 3 mhí tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an fhaisnéis tionscnaimh TLPT uile seo a leanas a chur faoi bhráid na mbainisteoirí tástála:
|
(a)
|
cairt tionscadail lena n-áirítear plean tionscadail ardleibhéil, ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
|
|
(b)
|
sonraí teagmhála cheannasaí na foirne rialaithe;
|
|
(c)
|
faisnéis maidir leis an úsáid atá beartaithe do thástálaithe inmheánacha nó seachtracha nó dóibh araon, i gcás inarb ábhartha mar a shonraítear in Airteagal 15;
|
|
(d)
|
faisnéis maidir leis na bealaí cumarsáide atá le húsáid le linn TLPT;
|
|
|
Airteagal 9 3
|
3. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (e), iomlán agus ina n-áirithíonn sé oiriúnacht agus feidhmíocht éifeachtach TLPT, déanfaidh údarás TLPT doiciméid tionscnaimh TLPT an eintitis airgeadais a bhailíochtú agus tabharfaidh sé fógra don eintiteas airgeadais ina leith sin.
|
|
Airteagal 9 4
|
4. Tar éis d’údarás TLPT faisnéis tionscnaimh TLPT a bhailíochtú, bunóidh an t-eintiteas airgeadais foireann rialaithe chun tacú le ceannasaí na foirne rialaithe ina chúraimí seo a leanas:
|
(a)
|
bealaí agus próisis chumarsáide a shonrú laistigh den fhoireann rialaithe, leis na tástálaithe agus leis na soláthraithe faisnéise bagartha i ngach ábhar a bhaineann le TLPT;
|
|
(b)
|
comhlacht bainistíochta an eintitis airgeadais a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn TLPT agus na rioscaí lena mbaineann;
|
|
(c)
|
cinntí a dhéanamh bunaithe ar shaineolas an ábhair ar fud TLPT;
|
|
(d)
|
TLPT a fhorghníomhú i gcomhréir leis an Rialachán seo;
|
|
(e)
|
an soláthraí faisnéise bagartha a roghnú don TLPT;
|
|
(f)
|
na tástálaithe seachtracha, na tástálaithe inmheánacha nó an dá cheann a roghnú;
|
|
(g)
|
doiciméad na sonraíochta raoin feidhme a ullmhú.
|
|
|
Airteagal 9 5
|
5. I gcás ina measann údarás TLPT go bhfuil comhdhéanamh tosaigh na foirne rialaithe agus aon athrú a dhéanfar uirthi ina dhiaidh sin leordhóthanach chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 4 a fheidhmiú, déanfaidh údarás TLPT an fhoireann rialaithe a bhailíochtú agus tabharfaidh sé fógra do cheannasaí na foirne rialaithe ina leith.
|
|
Airteagal 9 6
|
6. Cuirfidh an t-eintiteas airgeadais doiciméad na sonraíochta raoin feidhme ina mbeidh an fhaisnéis uile a leagtar amach in Iarscríbhinn II faoi bhráid na mbainisteoirí tástála laistigh de 6 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil ón údarás TLPT. Formheasfaidh comhlacht bainistíochta an eintitis airgeadais doiciméad na sonraíochta raoin feidhme.
|
|
Airteagal 9 7
|
7. Breithneoidh eintitis airgeadais na critéir seo a leanas chun feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha a áireamh i raon feidhme TLPT:
|
(a)
|
criticiúlacht nó tábhacht na feidhme agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici ar an earnáil airgeadais agus ar chobhsaíocht airgeadais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;
|
|
(b)
|
tábhacht na feidhme d’oibríochtaí gnó laethúla an eintitis airgeadais;
|
|
(c)
|
inmhalartaitheacht na feidhme;
|
|
(d)
|
an idircheangailteacht le feidhmeanna eile;
|
|
(e)
|
suíomh geografach na feidhme;
|
|
(f)
|
spleáchas earnálach eintiteas eile ar an bhfeidhm;
|
|
(g)
|
i gcás ina bhfuil sí ar fáil, faisnéis bhagartha maidir leis an bhfeidhm.
|
|
|
Airteagal 9 8
|
8. Roinnfidh an fhoireann rialaithe faisnéis tionscnaimh TLPT agus doiciméad na sonraíochta raoin feidhme leis na tástálaithe agus leis na soláthraithe faisnéise bagartha a luaithe a bheidh siad ar conradh. Cuirfidh an fhoireann rialaithe na tástálaithe agus na soláthraithe faisnéise bagartha ar an eolas faoin bpróiseas tástála a bheidh le leanúint.
|
|
Airteagal 9 9
|
9. Áiritheoidh an t-eintiteas airgeadais go gcuirfear soláthar nó sannadh tástálaithe agus soláthraithe faisnéise bagartha i gcrích sula gcuirfear tús leis an gcéim thástála.
|
|
Airteagal 9 10
|
10. Sula gcuirfear tús leis an gcéim thástála, rachaidh an fhoireann rialaithe i gcomhairle leis na bainisteoirí tástála maidir leis an measúnú riosca TLPT agus maidir leis na bearta bainistíochta riosca. Déanfaidh an fhoireann rialaithe athbhreithniú ar an measúnú riosca nó ar na bearta bainistíochta riosca i gcás ina bhfuil an t-údarás TLPT den tuairim nach dtugann siad aghaidh go leordhóthanach ar rioscaí TLPT.
|
|
Airteagal 9 11
|
11. Déanfaidh an fhoireann rialaithe measúnú ar chomhlíontacht soláthraithe faisnéise bagartha agus tástálaithe a mheasann siad a mbeadh baint acu le TLPT leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2022/2554 agus le hAirteagal 7(1) den Rialachán seo, agus déanfaidh siad toradh an mheasúnaithe sin a dhoiciméadú. Roghnóidh an fhoireann rialaithe soláthraithe faisnéise bagartha i gcomhréir leis an measúnú sin agus lena cleachtais bainistíochta riosca. Sula ndéanfar conradh leis na soláthraithe faisnéise bagartha roghnaithe agus na tástálaithe seachtracha roghnaithe, soláthróidh an fhoireann rialaithe do na bainisteoirí tástála fianaise go gcomhlíonann na soláthraithe faisnéise bagartha agus na tástálaithe faisnéise bagartha sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2022/2554 agus Airteagal 7(1) den Rialachán seo. Ní rachaidh an fhoireann rialaithe ar aghaidh le conradh a dhéanamh leis na soláthraithe faisnéise bagartha roghnaithe agus na tástálaithe seachtracha roghnaithe i gcás ina bhfuil údarás TLPT den tuairim nach gcomhlíonann na soláthraithe faisnéise bagartha roghnaithe agus na tástálaithe seachtracha roghnaithe na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2022/2554, ná na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7(1) den Rialachán seo ná leis na ceanglais bhreise a eascraíonn as reachtaíocht slándála náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, nó i gcás nach gcomhlíonann an t-eintiteas airgeadais Airteagal 7(2), an chéad fhomhír, den Rialachán seo, nó i gcás nach gcomhlíontar na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 7(2), an dara fomhír, den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 9 12
|
12. I gcás ina bhfuil doiciméad na sonraíochta raoin feidhme iomlán agus ina n-áirithítear leis go ndéantar TLPT iomchuí agus éifeachtach, formheasfaidh údarás TLPT an doiciméad sin agus cuirfidh sé ceannasaí na foirne rialaithe ar an eolas faoi sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|