2. Déanfaidh eintiteas airgeadais, laistigh de 3 mhí tar éis dó an fógra dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an fhaisnéis tionscnaimh TLPT uile seo a leanas a chur faoi bhráid na mbainisteoirí tástála:
|
(a)
|
cairt tionscadail lena n-áirítear plean tionscadail ardleibhéil, ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
|
|
(b)
|
sonraí teagmhála cheannasaí na foirne rialaithe;
|
|
(c)
|
faisnéis maidir leis an úsáid atá beartaithe do thástálaithe inmheánacha nó seachtracha nó dóibh araon, i gcás inarb ábhartha mar a shonraítear in Airteagal 15;
|
|
(d)
|
faisnéis maidir leis na bealaí cumarsáide atá le húsáid le linn TLPT;
|