4. Tar éis d’údarás TLPT faisnéis tionscnaimh TLPT a bhailíochtú, bunóidh an t-eintiteas airgeadais foireann rialaithe chun tacú le ceannasaí na foirne rialaithe ina chúraimí seo a leanas:
|
(a)
|
bealaí agus próisis chumarsáide a shonrú laistigh den fhoireann rialaithe, leis na tástálaithe agus leis na soláthraithe faisnéise bagartha i ngach ábhar a bhaineann le TLPT;
|
|
(b)
|
comhlacht bainistíochta an eintitis airgeadais a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn TLPT agus na rioscaí lena mbaineann;
|
|
(c)
|
cinntí a dhéanamh bunaithe ar shaineolas an ábhair ar fud TLPT;
|
|
(d)
|
TLPT a fhorghníomhú i gcomhréir leis an Rialachán seo;
|
|
(e)
|
an soláthraí faisnéise bagartha a roghnú don TLPT;
|
|
(f)
|
na tástálaithe seachtracha, na tástálaithe inmheánacha nó an dá cheann a roghnú;
|
|
(g)
|
doiciméad na sonraíochta raoin feidhme a ullmhú.
|