+Airteagal 7 Táirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
|
Airteagal 7 Táirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Measfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann a gcroífheidhmiúlacht le catagóir táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a bheith ina dtáirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus beidh siad faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus (3). Ní fhágfaidh comhtháthú táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann a chroífheidhmiúlacht le catagóir táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn III as féin go mbeidh an táirge ina bhfuil sé comhtháite faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus (3).
|
|
Airteagal 7 2.
|
Maidir le catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, arna roinnt in aicme I agus in aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, comhlíonann siad ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:
(a)
déanann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha feidhmeanna go príomha atá criticiúil do chibearshlándáil táirgí, líonraí nó seirbhísí eile, lena n-áirítear fíordheimhniú agus rochtain a dhaingniú, ionradh a chosc agus a bhrath, slándáil críochphointe nó cosaint líonra;
(b)
comhlíonann an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha feidhm lena mbaineann riosca suntasach go mbeidh éifeachtaí díobhálacha aige ó thaobh a dhéine agus a chumais cur isteach ar líon mór táirgí eile, iad a rialú, nó damáiste a dhéanamh dóibh, nó mar gheall ar shláinte, slándáil nó sábháilteacht a úsáideoirí trí chúbláil dhíreach, amhail feidhm lárchórais, lena n-áirítear bainistiú líonra, rialú cumraíochta, fíorúlú nó próiseáil sonraí pearsanta.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun Iarscríbhinn III a leasú trí chatagóir nua a áireamh laistigh de gach aicme de chatagóirí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus trína sainiú a shonrú, catagóir táirgí a bhogadh ó aicme amháin go haicme eile nó catagóir atá ann cheana a tharraingt siar as an liosta sin. Agus measúnú á dhéanamh ar an ngá atá leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leasú, déanfaidh an Coimisiún na feidhmiúlachtaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil nó an fheidhm agus leibhéal an riosca cibearshlándála a bhaineann le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha mar a leagtar amach sna critéir dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i gcuntas. Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar foráil, i gcás inarb iomchuí, d’idirthréimhse íosta 12 mhí, go háirithe i gcás ina gcuirfear catagóir nua de tháirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha le haicme I nó le haicme II nó ina n-aistreofar í ó aicme I go dtí aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sula mbeidh feidhm ag na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus (3), mura mbeidh údar le hidirthréimhse níos giorra ar mhórfhorais phráinne.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Faoin 11 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena sonrófar an tuairisc theicniúil ar na catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi aicme I agus aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus an tuairisc theicniúil ar na catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|