+Airteagal 7 3.

Airteagal 7 3.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun Iarscríbhinn III a leasú trí chatagóir nua a áireamh laistigh de gach aicme de chatagóirí na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus trína sainiú a shonrú, catagóir táirgí a bhogadh ó aicme amháin go haicme eile nó catagóir atá ann cheana a tharraingt siar as an liosta sin. Agus measúnú á dhéanamh ar an ngá atá leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leasú, déanfaidh an Coimisiún na feidhmiúlachtaí a bhaineann leis an gcibearshlándáil nó an fheidhm agus leibhéal an riosca cibearshlándála a bhaineann le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha mar a leagtar amach sna critéir dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chur i gcuntas.

Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, déanfar foráil, i gcás inarb iomchuí, d’idirthréimhse íosta 12 mhí, go háirithe i gcás ina gcuirfear catagóir nua de tháirgí tábhachtacha ag a bhfuil eilimintí digiteacha le haicme I nó le haicme II nó ina n-aistreofar í ó aicme I go dtí aicme II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sula mbeidh feidhm ag na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(2) agus (3), mura mbeidh údar le hidirthréimhse níos giorra ar mhórfhorais phráinne.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas