+Airteagal 27 Toimhde chomhréireachta
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.
---+Airteagal 27 7.
---+Airteagal 27 8.
---+Airteagal 27 9.

Airteagal 27 Toimhde chomhréireachta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.
Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur ar bun ag an monaróir atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh.

Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus iarrataí ar chaighdeánú le haghaidh an Rialacháin seo á hullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil atá ann cheana agus atá i bhfeidhm nó atá á bhforbairt a chur i gcuntas chun forbairt caighdeán comhchuibhithe a shimpliú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Airteagal 27 2.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear ceanglais theicniúla lena dtugtar modh chun na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, ar ceanglais iad le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus:

(i) 

níor glacadh leis an iarraidh;

(ii) 

ní dhéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den sprioc-am a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii) 

ní chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b) 

níor foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2).

Airteagal 27 3.
Sula n-ullmhóidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé gur comhlíonadh na coinníollacha i mír 2 den Airteagal seo.
Airteagal 27 4.
Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún tuairimí na gcomhlachtaí ábhartha i gcuntas agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
Airteagal 27 5.
Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur ar bun ag an monaróir, ar nithe iad atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna arna mbunú leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó le codanna díobh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.
Airteagal 27 6.
I gcás ina nglacann eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina moltar don Choimisiún é chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilsítear tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha chéanna agus a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.
Airteagal 27 7.
I gcás ina measann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.
Airteagal 27 8.
Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur ar bun ag an monaróir ar eisíodh ráiteas comhréireachta de chuid AE nó deimhniú ina leith faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an ráiteas comhréireachta de chuid AE nó leis an deimhniú Eorpach cibearshlándála, nó le codanna díobh.
Airteagal 27 9.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881 a shonrú, ar scéimeanna iad is féidir a úsáid chun a léiriú go bhfuil táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha nó le codanna díobh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Thairis sin, le heisiúint deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála arna eisiúint faoi na scéimeanna sin, ag a bhfuil leibhéal dearbhúcháin ‘substaintiúil’ ar a laghad, cuirtear deireadh le hoibleagáid mhonaróra measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar na ceanglais chomhfhreagracha, mar a leagtar amach in Airteagal 32(2), pointí (a) agus (b), agus Airteagal 32(3), pointí (a) agus (b), den Rialachán seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas