|
+Airteagal 27 2. |
Airteagal 27 2.Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear ceanglais theicniúla lena dtugtar modh chun na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, ar ceanglais iad le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus:
(i)
níor glacadh leis an iarraidh;
(ii)
ní dhéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den sprioc-am a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó
(iii)
ní chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus
(b)
níor foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|