+Airteagal 27 1.
|
Airteagal 27 1.
Táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus próisis arna gcur ar bun ag an monaróir atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh. Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus iarrataí ar chaighdeánú le haghaidh an Rialacháin seo á hullmhú aige, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir leis an gcibearshlándáil atá ann cheana agus atá i bhfeidhm nó atá á bhforbairt a chur i gcuntas chun forbairt caighdeán comhchuibhithe a shimpliú, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|