+Airteagal 43 An nós imeachta um fhógra a thabhairt
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 2.
---+Airteagal 43 3.
---+Airteagal 43 4.
---+Airteagal 43 5.
---+Airteagal 43 6.
|
Airteagal 43 An nós imeachta um fhógra a thabhairt
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 1.
|
Ní dhéanfaidh údaráis a thugann fógra fógra a thabhairt ach do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta sin amháin a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 39 comhlíonta acu.
|
|
Airteagal 43 2.
|
Déanfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí úsáid a bhaint as córas faisnéise an Chur Chuige Nua i leith Eagraíochtaí faoina dTugtar Fógra agus Eagraíochtaí Ainmnithe, córas arna fhorbairt agus arna bhainistiú ag an gCoimisiún.
|
|
Airteagal 43 3.
|
Áireofar san fhógra mionsonraí iomlána faoi na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, faoin modúl nó faoi na modúil um measúnú comhréireachta agus faoin táirge nó faoi na táirgí lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha, agus faoi fhianú ábhartha na hinniúlachta.
|
|
Airteagal 43 4.
|
I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2), soláthróidh an t-údarás a thugann fógra, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, fianaise dhoiciméadach lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an gcomhlacht go tráthrialta agus go leanfaidh an comhlacht de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 39.
|
|
Airteagal 43 5.
|
Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a dhéanamh ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile agóid laistigh de 2 sheachtain i ndiaidh an fhógra i gcás ina n-úsáidtear deimhniú creidiúnúcháin, nó laistigh de 2 mhí i ndiaidh an fhógra i gcás nach n-úsáidtear creidiúnú. Ní mheasfar ach comhlacht den sórt sin a bheith ina chomhlacht faoina dtugtar fógra chun críocha an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 43 6.
|
Tabharfar fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon athrú ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|