+Airteagal 52 Faireachas margaidh agus rialú táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i margadh an Aontais
---+Airteagal 52 1.
---+Airteagal 52 2.
---+Airteagal 52 3.
---+Airteagal 52 4.
---+Airteagal 52 5.
---+Airteagal 52 6.
---+Airteagal 52 7.
---+Airteagal 52 8.
---+Airteagal 52 9.
---+Airteagal 52 10.
---+Airteagal 52 11.
---+Airteagal 52 12.
---+Airteagal 52 13.
---+Airteagal 52 14.
---+Airteagal 52 15.
---+Airteagal 52 16.

Airteagal 52 Faireachas margaidh agus rialú táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha i margadh an Aontais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 52 1.
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 i leith táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 52 2.
Ainmneoidh gach Ballstát údarás amháin um fhaireachas margaidh nó níos mó ná sin chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh na Ballstáit údarás atá ann cheana nó údarás nua a ainmniú chun gníomhú mar údarás um fhaireachas margaidh i gcás an Rialacháin seo.
Airteagal 52 3.
Beidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear faoi mhír 2 den Airteagal seo freagrach freisin as gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh i ndáil leis na hoibleagáidí i gcás maoir bogearraí foinse oscailte a leagtar síos in Airteagal 24. I gcás ina bhfionnann údarás um fhaireachas margaidh nach gcomhlíonann maor bogearraí foinse oscailte na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal sin, ceanglóidh sé ar an maor bogearraí foinse oscailte a áirithiú go ndéanfar gach gníomh ceartaitheach iomchuí. Áiritheoidh maoir bogearraí foinse oscailte go ndéanfar gach gníomh ceartaitheach iomchuí i leith a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.
Airteagal 52 4.
I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh leis na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a ainmnítear de bhun Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2019/881 agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn tráthrialta. Maidir leis an maoirseacht ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 14 den Rialachán seo, comhoibreoidh na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh leis na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí agus le ENISA agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn tráthrialta leo.
Airteagal 52 5.
Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir nó ar ENISA comhairle theicniúil a sholáthar maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo. Agus imscrúdú á dhéanamh faoi Airteagal 54, féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar an CSIRT atá ainmnithe mar chomhordaitheoir nó ar ENISA anailís a sholáthar chun tacú le meastóireachtaí ar chomhlíontacht na dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.
Airteagal 52 6.
I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh le húdaráis eile um fhaireachas margaidh a ainmnítear ar bhonn reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú seachas an Rialachán seo, agus malartóidh siad faisnéis ar bhonn tráthrialta.
Airteagal 52 7.
Comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, de réir mar is iomchuí, leis na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. Áirítear leis an gcomhar sin na húdaráis sin a chur ar an eolas faoi aon toradh atá ábhartha do chomhlíonadh a n-inniúlachtaí, lena n-áirítear nuair a bhíonn treoraíocht agus comhairle á n-eisiúint acu de bhun mhír 10 má bhaineann an treoraíocht agus an chomhairle sin le próiseáil sonraí pearsanta.

Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí aon doiciméadacht a chruthaítear nó a choimeádtar faoin Rialachán seo a iarraidh agus rochtain a fháil uirthi nuair is gá rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin chun a gcúraimí a chomhlíonadh. Cuirfidh siad údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas faoi aon iarraidh den sórt sin.

Airteagal 52 8.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus teicniúla ar fáil do na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, uirlisí uathoibrithe próiseála, chomh maith le hacmhainní daonna ag a bhfuil na scileanna cibearshlándála is gá chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
Airteagal 52 9.
Déanfaidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh a spreagadh agus a éascú.
Airteagal 52 10.
Féadfaidh údaráis um fhaireachas margaidh treoraíocht agus comhairle a chur ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, le tacaíocht ón gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, ó CSIRTanna agus ó ENISA.
Airteagal 52 11.
Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh tomhaltóirí ar an eolas maidir le cá háit chun gearáin a thíolacadh a d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh leis an Rialachán seo a léiriú, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1020, agus cuirfidh siad faisnéis ar fáil do thomhaltóirí maidir le cén áit agus conas rochtain a fháil ar shásraí chun tuairisciú ar leochaileachtaí, teagmhais agus cibearbhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a éascú.
Airteagal 52 12.
Éascóidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, i gcás inarb ábhartha, an comhar le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí eolaíochta, taighde agus tomhaltóirí.
Airteagal 52 13.
Tuairisceoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh don Choimisiún ar bhonn tráthrialta maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí ábhartha um fhaireachas margaidh. Tuairisceoidh údaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh, gan mhoill, don Choimisiún agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar spéise i ndáil le cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais.
Airteagal 52 14.
Maidir le táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2024/1689, is iad na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear chun críocha an Rialacháin sin na húdaráis a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí faireachais margaidh a cheanglaítear faoin Rialachán seo. Comhoibreoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear de bhun Rialachán (AE) 2024/1689, de réir mar is iomchuí, leis na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear de bhun an Rialacháin seo agus, maidir le maoirseacht ar chur chun feidhme na n-oibleagáidí tuairiscithe de bhun Airteagal 14 den Rialachán seo, leis na CSIRTanna atá ainmnithe mar chomhordaitheoirí agus le ENISA. Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear de bhun Rialachán (AE) 2024/1689 na húdaráis um fhaireachas margaidh a ainmnítear de bhun an Rialacháin seo a chur ar an eolas faoi aon toradh atá ábhartha maidir le comhlíonadh a gcúraimí i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 52 15.
Bunófar ADCO chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020. Beidh ADCO comhdhéanta d’ionadaithe ó na húdaráis ainmnithe um fhaireachas margaidh agus, más iomchuí, d’ionadaithe ó na hoifigí idirchaidrimh aonair. Tabharfaidh ADCO aghaidh freisin ar ábhair shonracha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí faireachais margaidh i ndáil leis na hoibleagáidí a chuirtear ar mhaoir bogearraí foinse oscailte
Airteagal 52 16.
Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh faireachán ar an gcaoi ar chuir monaróirí na critéir dá dtagraítear in Airteagal 13(8) i bhfeidhm agus tréimhse thacaíochta a dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha á cinneadh acu.

Foilseoidh ADCO, i bhfoirm a bheidh inrochtana don phobal agus soláimhsithe, staidreamh ábhartha ar chatagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear meántréimhsí tacaíochta, arna gcinneadh ag an monaróir de bhun Airteagal 13(8), chomh maith le treoraíocht a sholáthar ina n-áirítear tréimhsí tacaíochta táscacha i gcás catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

I gcás ina dtugann na sonraí le fios go bhfuil tréimhsí tacaíochta neamhleora ann le haghaidh catagóirí sonracha táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, féadfaidh ADCO moltaí a eisiúint d’údaráis um fhaireachas margaidh chun a ngníomhaíochtaí a dhíriú ar na catagóirí táirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas