+Airteagal 55 Nós imeachta coimirce an Aontais
---+Airteagal 55 1.
---+Airteagal 55 2.
---+Airteagal 55 3.
---+Airteagal 55 4.
---+Airteagal 55 5.

Airteagal 55 Nós imeachta coimirce an Aontais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 55 1.
I gcás, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 54(5) a fháil, ina ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne beart atá déanta ag Ballstát eile, nó i gcás ina measann an Coimisiún an beart a bheith contrártha le dlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis an mBallstát ábhartha agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta sin. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá údar cuí leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil laistigh de 9 mí ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 54(5) a fháil agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.
Airteagal 55 2.
Má mheastar údar cuí a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar siar an táirge neamhchomhlíontach ag a bhfuil eilimintí digiteacha óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.
Airteagal 55 3.
I gcás ina meastar go bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.
Airteagal 55 4.
I gcás ina meastar go bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh i scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 27, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu an ceart nó nach ceart aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 27(9), ina sonraítear an toimhde chomhréireachta maidir leis an scéim deimhniúcháin sin, a leasú nó a aisghairm.
Airteagal 55 5.
I gcás ina meastar go bhfuil údar cuí leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha i leith easnaimh sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 27, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu an ceart nó nach ceart aon ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 27(2) ina leagtar amach na sonraíochtaí coiteanna sin a leasú nó a aisghairm.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas