+Airteagal 59 Gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás um fhaireachas margaidh
---+Airteagal 59 1.
---+Airteagal 59 2.
---+Airteagal 59 3.
---+Airteagal 59 4.
---+Airteagal 59 5.

Airteagal 59 Gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás um fhaireachas margaidh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 59 1.
Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a chomhaontú le húdaráis ábhartha eile gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh atá dírithe ar an gcibearshlándáil agus ar chosaint tomhaltóirí a áirithiú i ndáil le táirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar fáil ar an margadh, go háirithe táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus ar minic rioscaí cibearshlándála a bheith ag baint leo.
Airteagal 59 2.
Déanfaidh an Coimisiún nó ENISA gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh chun a sheiceáil an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, ar gníomhaíochtaí iad a bheidh le déanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh bunaithe ar thásca nó ar fhaisnéis lena dtugtar le fios go mb’fhéidir nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo á gcomhlíonadh i roinnt Ballstát trí chéile ag táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar fud roinnt Ballstát i ndáil leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.
Airteagal 59 3.
Áiritheoidh na húdaráis um fhaireachas margaidh agus, i gcás inarb infheidhme, an Coimisiún, nach mbeidh iomaíocht éagórach idir oibreoirí eacnamaíocha mar gheall ar an gcomhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus nach ndéanfaidh sé difear d’oibiachtúlacht, do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht na bpáirtithe sa chomhaontú.
Airteagal 59 4.
Féadfaidh údarás um fhaireachas margaidh úsáid a bhaint as aon fhaisnéis a fhaightear mar thoradh ar na gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanfar mar chuid d’aon imscrúdú a dhéanfaidh sé.
Airteagal 59 5.
Déanfaidh an t-údarás um fhaireachas margaidh lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, an Coimisiún, an comhaontú maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha, lena n-áirítear ainmneacha na bpáirtithe lena mbaineann, a chur ar fáil don phobal.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas