|
+IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS CHIBEARSHLÁNDÁLA RIACHTANACHA |
IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS CHIBEARSHLÁNDÁLA RIACHTANACHA
IARSCRÍBHINN I CEANGLAIS CHIBEARSHLÁNDÁLA RIACHTANACHA Cuid I Ceanglais chibearshlándála a bhaineann le hairíonna táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha (1) Déanfar táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh ar bhealach chun leibhéal iomchuí cibearshlándála a áirithiú bunaithe ar na rioscaí. (2) Ar bhonn an mheasúnaithe riosca cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus i gcás inarb infheidhme, déanfar an méid seo a leanas i gcás táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha:
(a)
cuirfear ar fáil ar an margadh iad gan leochaileachtaí insaothraithe aitheanta a bheith ann;
(b)
cuirfear ar fáil ar an margadh iad agus cumraíocht shlán mar réamhshocrú i bhfeidhm orthu, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir an monaróir agus an t-úsáideoir gnó maidir le táirge saincheaptha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, lena n-áirítear an fhéidearthacht an táirge a athshocrú chuig a riocht bunaidh;
(c)
áiritheofar gur féidir aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí trí nuashonruithe slándála, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí nuashonruithe slándála uathoibríocha a shuiteáiltear laistigh de thréimhse ama iomchuí arna gcumasú mar shocrú réamhshocraithe, le sásra rogha an diúltaithe atá soiléir agus éasca le húsáid, trí fhógra a thabhairt d’úsáideoirí faoi nuashonruithe atá ar fáil, agus an rogha iad a chur ar athló go sealadach;
(d)
áiritheofar cosaint ar rochtain neamhúdaraithe trí bhíthin sásraí iomchuí rialaithe, lena n-áirítear córais bainistíochta fíordheimhniúcháin, céannachta nó rochtana ach gan a bheith teoranta dóibh, agus tabharfar tuairisc ar rochtain neamhúdaraithe a d’fhéadfadh a bheith ann;
(e)
cosnófar rúndacht sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus shonraí eile, amhail trí shonraí ábhartha a chriptiú agus iad ar fos nó faoi bhealach trí bhíthin sásraí úrscothacha, agus trí úsáid a bhaint as modhanna teicniúla eile;
(f)
maidir le sláine sonraí a stóráiltear, a tharchuirtear nó a phróiseáiltear ar bhealach eile, idir shonraí pearsanta agus shonraí eile, mar aon le horduithe, cláir agus cumraíocht, cosnófar iad ar aon chineál ionramhála nó modhnaithe nach n-údaraíonn an t-úsáideoir agus déanfar tuairisciú ar an truailliú;
(g)
ní phróiseálfar ach sonraí pearsanta agus sonraí eile atá leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis an gcríoch a beartaíodh don táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha (íoslaghdú sonraí);
(h)
cosnófar infhaighteacht feidhmeanna fíor-riachtanacha agus bunúsacha, agus tar éis teagmhais freisin, lena n-áirítear trí bhearta athléimneachta agus maolaithe in aghaidh ionsaithe diúltaithe seirbhíse;
(i)
íoslaghdófar an tionchar diúltach a bhíonn ag na táirgí iad féin nó ag gléasanna nasctha ar infhaighteacht na seirbhísí a sholáthraítear le gléas nó le líonraí eile;
(j)
déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun dromchlaí ionsaithe a theorannú, lena n-áirítear comhéadain sheachtracha;
(k)
déanfar iad a dhearadh, a fhorbairt agus a tháirgeadh chun an tionchar a bhíonn ag teagmhas a laghdú trí úsáid a bhaint as sásraí agus as teicnící iomchuí chun an saothrú a mhaolú;
(l)
soláthrófar faisnéis faoin tslándáil trí ghníomhaíocht inmheánach ábhartha a thaifeadadh agus faireachán a dhéanamh uirthi, lena n-áirítear an rochtain ar shonraí, ar sheirbhísí agus ar fheidhmeanna agus modhnú sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna, agus sásra rogha an diúltaithe don úsáideoir;
(m)
tabharfar an deis d’úsáideoirí na sonraí agus na socruithe go léir a bhaint go slán agus go héasca ar bhonn buan agus, i gcás inar féidir na sonraí sin a aistriú chuig táirgí nó córais eile, áiritheofar go ndéanfar é sin ar bhealach slán. Cuid II Ceanglais maidir le láimhseáil leochaileachtaí Déanfaidh monaróirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha an méid seo a leanas:
(1)
déanfar leochaileachtaí agus comhpháirteanna atá i dtáirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint agus a dhoiciméadú, lena n-áirítear trí liosta ábhar bogearraí a tharraingt suas i bhformáid a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite lena gcumhdaítear spleáchais ardleibhéil na dtáirgí ar a laghad;
(2)
i ndáil leis na rioscaí atá ann do na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, tabharfar aghaidh ar na leochaileachtaí agus leigheasfar iad gan mhoill, lena n-áirítear trí nuashonruithe slándála a sholáthar; i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, déanfar nuashonruithe slándála nua a sholáthar ar leithligh ó nuashonruithe feidhmiúlachta;
(3)
cuirfear i bhfeidhm tástálacha agus athbhreithnithe éifeachtacha a dhéantar go tráthrialta maidir le slándáil an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha;
(4)
a luaithe a chuirfear nuashonrú slándála ar fáil, comhroinnfear faisnéis agus cuirfear ar fáil go poiblí í faoi na leochaileachtaí a leigheasadh, lena n-áirítear tuairisc ar na leochaileachtaí, faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí an táirge lena mbaineann ag a bhfuil eilimintí digiteacha a shainaithint, tionchair na leochaileachtaí, a dhéine atá siad agus faisnéis shoiléir agus inrochtana lena gcabhraítear le húsáideoirí na leochaileachtaí a leigheas; i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ina measann monaróirí gur mó na rioscaí slándála a bhaineann le foilsiú ná na sochair slándála, féadfaidh siad moill a chur ar fhaisnéis phoiblí maidir le leochaileacht leigheasta a chur ar fáil go dtí go mbeidh an deis tugtha d’úsáideoirí an paiste ábhartha a chur i bhfeidhm;
(5)
cuirfear beartas i bhfeidhm maidir le nochtadh comhordaithe leochaileachtaí agus forfheidhmeofar é;
(6)
déanfar bearta chun comhroinnt faisnéise a éascú faoi leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina dtáirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus i gcomhpháirteanna tríú páirtí atá sa táirge sin, lena n-áirítear trí sheoladh teagmhála a sholáthar chun na leochaileachtaí a aimsítear sa táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a thuairisciú;
(7)
forálfar do shásraí chun nuashonruithe a dháileadh go slán do tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha chun a áirithiú go ndéanfar leochaileachtaí a leigheas nó a mhaolú go tráthúil agus, i gcás inarb infheidhme le haghaidh nuashonruithe slándála, ar bhealach uathoibríoch;
(8)
áiritheofar, i gcás ina mbeidh nuashonruithe slándála ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála sainaitheanta, go scaipfear iad gan mhoill agus, mura gcomhaontaítear a mhalairt idir monaróir agus úsáideoir gnó i ndáil le táirge saincheaptha ag a bhfuil eilimintí digiteacha, go mbeidh siad saor in aisce, agus teachtaireachtaí comhairleacha ag gabháil leo lena gcuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil d’úsáideoirí, lena n-áirítear maidir leis an ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
Saincheisteanna nasctha
|