+Airteagal 92 5.

Airteagal 92 5.

Ríomhfar méid iomlán caighdeánaithe na neamhchosanta ar riosca mar shuim mhír 4, pointí (a) go (g), tar éis na forálacha a leagtar amach i mír 6 agus na ceanglais seo a leanas a chur san áireamh:

(a) 

na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca le haghaidh riosca creidmheasa, lena n-áirítear riosca creidmheasa contrapháirtí, agus riosca caolúcháin, dá dtagraítear i mír 4, pointe (a), agus le haghaidh riosca creidmheasa contrapháirtí a eascraíonn as gnó leabhair trádála na hinstitiúide dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír sin, déanfar iad a ríomh gan aon cheann de na cineálacha cur chuige seo a leanas a úsáid:

(i) 

cur chuige na samhla inmheánaí le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála a leagtar amach in Airteagal 221;

(ii) 

an Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 3;

(iii) 

Cur Chuige Bunaithe ar Rátálacha Inmheánacha i leith an Urrúsaithe a leagtar amach in Airteagail 258, 259 agus 260 agus Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a leagtar amach in Airteagal 265;

(iv) 

Modh na Samhla Inmheánaí a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 6, Roinn 6;

(b) 

déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh do ghnó an leabhair trádála dá dtagraítear i mír 4, pointe (b)(i), a ríomh gan úsáid a bhaint astu seo a leanas:

(i) 

an cur chuige samhla inmheánaí malartach a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1b; nó

(ii) 

aon chur chuige a liostaítear faoi phointe (a) den mhír seo, i gcás inarb infheidhme;

(c) 

déanfar na ceanglais cistí dílse le haghaidh gach gníomhaíochta gnó leabhair neamhthrádála de chuid institiúide atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí dá dtagraítear i mír 4, pointe (c), den Airteagal seo a ríomh gan an cur chuige samhla inmheánaí malartach a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1b, a úsáid.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas