+Airteagal 104 3.

Airteagal 104 3.

Ní shannfaidh institiúidí suíomhanna sna hionstraimí seo a leanas don leabhar trádála:

(a) 

ionstraimí atá ainmnithe le haghaidh stórasú urrúsúcháin;

(b) 

ionstraimí a bhaineann le sealúchais réadmhaoine;

(c) 

cothromais neamhliostaithe;

(d) 

ionstraimí a bhaineann le miondíol agus creidmheas FBManna;

(e) 

suíomhanna in GCanna eile seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2, pointe (f);

(f) 

conarthaí díorthacha agus GCanna ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí foluiteacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo;

(g) 

ionstraimí arna sealbhú chun riosca ar leith a fhálú maidir le suíomh amháin nó níos mó in ionstraim dá dtagraítear i bpointí (a) go (f), (h) agus (i), den mhír seo;

(h) 

dliteanais dhílse na hinstitiúide, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann na hionstraimí sin na critéir dá dtagraítear i mír 2, pointe (e), nó na critéir dá dtagraítear i mír 2, an tríú fomhír;

(i) 

ionstraimí i gcistí fálaithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas