+Airteagal 104 Áireamh sa leabhar trádála
---+Airteagal 104 1.
---+Airteagal 104 2.
---+Airteagal 104 3.
---+Airteagal 104 4.
---+Airteagal 104 5.
---+Airteagal 104 6.
---+Airteagal 104 7.
---+Airteagal 104 8.
---+Airteagal 104 9.
|
Airteagal 104 Áireamh sa leabhar trádála
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 104 1.
|
Beidh beartais agus nósanna imeachta a bheidh sainmhínithe go soiléir i bhfeidhm ag institiúid chun cinneadh a dhéanamh cén suíomh a áireofar sa leabhar trádála ar mhaithe lena ceanglais cistí dílse a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 102 agus leis an Airteagal seo, agus a hacmhainneachtaí agus cleachtais bainistithe riosca á gcur san áireamh. Déanfaidh institiúid doiciméadú iomlán ar an gcaoi a bhfuil sí ag comhlíonadh na mbeartas agus na nósanna imeachta sin, déanfaidh sí iniúchadh inmheánach orthu ar a laghad ar bhonn bliantúil agus cuirfidh sí torthaí an iniúchta sin ar fáil do na húdaráis inniúla. Beidh feidhm neamhspleách rialaithe riosca i bhfeidhm ag institiúid a dhéanfaidh meastóireacht, ar bhonn leanúnach, an bhfuil nó nach bhfuil a hionstraimí á sannadh mar is ceart don leabhar trádála nó don leabhar neamhthrádála.
|
|
Airteagal 104 2.
|
Sannfaidh institiúidí suíomhanna sna hionstraimí a leanas don leabhar trádála:
(a)
ionstraimí a chomhlíonann na critéir, a leagtar amach in Airteagal 325(6), (7) agus (8), chun iad a chur ar áireamh sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (“ACTP”);
(b)
ionstraimí a dtiocfadh glansuíomh creidmheasa gearr nó glansuíomh cothromais gearr sa leabhar neamhthrádála chun cinn mar thoradh orthu, cé is moite de dhliteanais dhílse na hinstitiúide, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann na suíomhanna sin na critéir dá dtagraítear i bpointe (e);
(c)
ionstraimí mar thoradh ar ghealltanais frithgheallta urrús, i gcás ina mbaineann na gealltanais frithgheallta sin le hurrúis a bhfuil coinne leis go gceannóidh an institiúid iad ar an dáta socraíochta, agus leis na hurrúis sin amháin;
(d)
ionstraimí a aicmítear go soiléir mar shócmhainní nó dliteanais a bhfuil cuspóir trádála acu faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme maidir leis an institiúid;
(e)
ionstraimí mar thoradh ar ghníomhaíochtaí cruthaithe margaidh;
(f)
na suíomhanna a shealbhaítear le hintinn trádála in GCanna, ar choinníoll go gcomhlíonann na GCanna sin ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach i mír 8;
(h)
idirbhearta um maoiniú urrús atá bainteach le trádáil;
(i)
roghanna, nó díorthaigh eile, leabaithe i ndliteanais dhílse na hinstitiúide sa leabhar neamhthrádála a bhaineann le riosca creidmheasa nó riosca cothromais.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), beidh glansuíomh cothromais gearr ag institiúid i gcás inar brabús don institiúid é an toradh a bheidh ar laghdú ar phraghas an chothromais. Beidh glansuíomh creidmheasa ghearr ag institiúid i gcás inar brabús don institiúid é an toradh a bheidh ar mhéadú ar raon difríochta creidmheasa eisitheora nó grúpa eisitheoirí nó meathlúchán ar acmhainneacht creidmheasa eisitheora nó grúpa eisitheoirí. Déanfaidh institiúidí faireachán leanúnach chun féachaint an mbeidh glansuíomh creidmheasa gearr nó glansuíomh cothromais gearr sa leabhar neamhthrádála chun cinn mar thoradh ar ionstraimí. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (i), roinnfidh institiúid an rogha leabaithe, nó díorthach eile, óna dliteanas dílis sa leabhar neamhthrádála a bhaineann le riosca creidmheasa nó riosca cothromais. Sannfaidh sí an rogha leabaithe, nó díorthach eile, don leabhar trádála agus fágfaidh sí an dliteanas dílis sa leabhar neamhthrádála. I gcás, mar gheall ar a cineál, nach féidir an ionstraim a roinnt, sannfaidh an institiúid an ionstraim iomlán don leabhar trádála. I gcás mar sin, déanfaidh sí doiciméadú cuí ar an gcúis leis an láimhseáil sin a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 104 3.
|
Ní shannfaidh institiúidí suíomhanna sna hionstraimí seo a leanas don leabhar trádála:
(a)
ionstraimí atá ainmnithe le haghaidh stórasú urrúsúcháin;
(b)
ionstraimí a bhaineann le sealúchais réadmhaoine;
(c)
cothromais neamhliostaithe;
(d)
ionstraimí a bhaineann le miondíol agus creidmheas FBManna;
(e)
suíomhanna in GCanna eile seachas na cinn dá dtagraítear i mír 2, pointe (f);
(f)
conarthaí díorthacha agus GCanna ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí foluiteacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo;
(g)
ionstraimí arna sealbhú chun riosca ar leith a fhálú maidir le suíomh amháin nó níos mó in ionstraim dá dtagraítear i bpointí (a) go (f), (h) agus (i), den mhír seo;
(h)
dliteanais dhílse na hinstitiúide, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann na hionstraimí sin na critéir dá dtagraítear i mír 2, pointe (e), nó na critéir dá dtagraítear i mír 2, an tríú fomhír;
(i)
ionstraimí i gcistí fálaithe.
|
|
Airteagal 104 4.
|
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh institiúid suíomh in ionstraim dá dtagraítear i bpointí (d) go (i) den mhír sin a shannadh don leabhar neamhthrádála, faoi réir fhormheas a húdaráis inniúil. Tabharfaidh an t-údarás inniúil a fhormheas i gcás inar léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil nach sealbhaítear an suíomh le hintinn é a thrádáil ná nach bhfálaíonn sé suíomhanna arna sealbhú le hintinn iad a thrádáil.
|
|
Airteagal 104 5.
|
De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh institiúid suíomh in ionstraim dá dtagraítear i bpointe (i) den mhír sin a shannadh don leabhar trádála, faoi réir fhormheas a húdarás inniúil. Tabharfaidh an t-údarás inniúil a fhormheas i gcás ina mbeidh sé léirithe ag an institiúid chun sástacht a údaráis inniúil go bhfuil an suíomh á shealbhú le hintinn trádála, nó go bhfálaítear suíomhanna arna sealbhú le hintinn trádála agus go gcomhlíonann an institiúid ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach i mír 8 don suíomh sin.
|
|
Airteagal 104 6.
|
I gcás ina bhfuil suíomh in ionstraim seachas na hionstraimí dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (b) nó (c), sannta ag institiúid don leabhar trádála, féadfaidh údarás inniúil na hinstitiúide a iarraidh ar an institiúid fianaise a sholáthar chun údar a thabhairt leis an sannadh sin. I gcás nár sholáthair an institiúid fianaise oiriúnach, féadfaidh a húdarás inniúil a cheangal ar an institiúid an suíomh sin a athshannadh don leabhar neamhthrádála.
|
|
Airteagal 104 7.
|
I gcás ina bhfuil suíomh in ionstraim seachas na hionstraimí dá dtagraítear i mír 3 sannta ag an institiúid don leabhar neamhthrádála, féadfaidh údarás inniúil na hinstitiúide a iarraidh ar an institiúid fianaise a sholáthar chun údar a thabhairt leis an sannadh sin. I gcás nár sholáthair an institiúid fianaise oiriúnach, féadfaidh a húdarás inniúil a éileamh ar an institiúid an suíomh sin a athshannadh don leabhar trádála.
|
|
Airteagal 104 8.
|
Sannfaidh institiúid suíomh in GC don leabhar trádála, cé is moite de na suíomhanna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), atá á shealbhú le hintinn trádála, i gcás ina gcomhlíonfaidh an institiúid aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá an institiúid in ann faisnéis leordhóthanach a fháil faoi neamhchosaintí foluiteacha aonair an ghnóthais comhinfheistíochta;
(b)
níl an institiúid in ann faisnéis leordhóthanach a fháil faoi neamhchosaintí foluiteacha an ghnóthais comhinfheistíochta, ach is eol don institiúid a bhfuil i sainordú an ghnóthais comhinfheistíochta agus tá sí in ann praghsanna luaite laethúla a fháil don ghnóthas comhinfheistíochta.
|
|
Airteagal 104 9.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú a thuilleadh an próiseas atá le húsáid ag institiúidí chun glansuíomhanna creidmheasa gearr nó glansuíomhanna cothromais gearr sa leabhar neamhthrádála dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a ríomh agus chun faireachán a dhéanamh orthu. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|