|
+Airteagal 106 5. |
Airteagal 106 5.I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar neamhchosaintí leabhair neamhthrádála ar riosca ráta úis agus suíomh riosca ráta úis á úsáid atá cláraithe ina leabhar trádála, measfar gur fálú inmheánach é an suíomh sin maidir le riosca an ráta úis chun críoch riosca ráta úis a thagann as suíomhanna leabhair neamhthrádála a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointí (a), (b) agus (c), á n-úsáid, sannadh an suíomh do phunann ar leithligh ó na suíomhanna leabhair trádála eile, arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an riosca margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar neamhchosaint ar riosca ráta úis, agus an méid sin amháin;
(b)
chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), á úsáid, sannadh an suíomh do dheasc thrádála arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an riosca margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar neamhchosaint ar riosca ráta úis, agus an méid sin amháin;
(c)
rinne an institiúid doiciméadú iomlán ar an gcaoi a maolóidh an suíomh an riosca ráta úis a bhaineann le suíomhanna leabhair neamhthrádála chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|