|
+Airteagal 124 4. |
Airteagal 124 4.De mhaolú ar mhír 3, pointe (b), i ndlínsí ina dtugann liain shóisearacha éileamh ar chomhthaobhacht atá in-fhorfheidhmithe go dlíthiúil don sealbhóir, agus ar maolú riosca creidmheasa éifeachtach é, d’fhéadfaí liain shóisearacha arna sealbhú ag institiúid, seachas an ceann ag a bhfuil an lian sinsearach, a aithint, lena n-áirítear sa chás nach bhfuil an lian sinsearach i seilbh na hinstitiúide nó nach bhfuil ina seilbh rangú liain idir lian níos sinsearaí agus lian níos sóisearaí agus an dá cheann i seilbh na hinstitiúide. Chun críocha na chéad fhomhíre, áiritheoidh na rialacha lena rialaítear na liain gach ní a leanas:
(a)
is féidir le gach institiúid ag a bhfuil lian ar réadmhaoin díol na réadmhaoine a thionscnamh go neamhspleách ar eintitis eile ag a bhfuil lian ar an réadmhaoin;
(b)
sa chás nach ndíoltar an réadmhaoin trí bhíthin ceant poiblí, déanfaidh eintitis ag a bhfuil lian sinsearach bearta réasúnta chun margadhluach cóir a fháil nó an praghas is fearr is féidir a fháil sna himthosca agus aon chumhacht díola á feidhmiú acu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|