+Airteagal 143 Cead chun an Cur Chuige IRB a úsáid
---+Airteagal 143 1.
---+Airteagal 143 2.
---+Airteagal 143 3.
---+Airteagal 143 4.
---+Airteagal 143 5.
|
Airteagal 143 Cead chun an Cur Chuige IRB a úsáid
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 143 1.
|
I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach sa Chaibidil seo, tabharfaidh an t-údarás inniúil cead d'institiúidí an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (dá ngairtear “Cur Chuige IRB” anseo feasta) a úsáid chun a gcuid méideanna
►C9
neamhchosaint ◄ atá ualaithe ó thaobh
►C9
riosca ◄ a ríomh.
|
|
Airteagal 143 2.
|
Beidh gá le cead a iarraidh roimh ré chun Cur Chuige IRB a úsáid, lena n-áirítear a meastacháin féin ar LGD agus IRB-CCF, maidir le gach aicme neamhchosanta agus gach córas rátála agus gach cur chuige maidir le meastachán a thabhairt ar LGDanna agus ar CCFanna arna n-úsáid.
|
|
Airteagal 143 3.
|
Gheobhaidh institiúidí cead na n-údarás inniúil dóibh seo a leanas roimh ré:
▼M17
(a)
athruithe ábhartha ar raon feidhme córais rátála a bhfuair an institiúid cead é a úsáid;
(b)
athruithe ábhartha ar chóras rátála a bhfuair an institiúid cead é a úsáid.
▼B
Beidh raon feidhme córais rátála comhdhéanta de na
►C9
neamhchosaintí ◄ go léir den cineál ábhartha
►C9
neamhchosanta ◄ ar forbraíodh an córas rátála sin lena aghaidh.
|
|
Airteagal 143 4.
|
Tabharfaidh institiúidí fógra do na húdaráis inniúla maidir le gach athrú ar na córais rátála.
|
|
Airteagal 143 5.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú maidir le measúnú a dhéanamh ar ábharthacht úsáid córais rátála atá ann cheana féin le haghaidh neamhchosaintí breise eile nach bhfuil cumhdaithe cheana faoin gcóras rátála sin agus athruithe ar chórais rátála faoi Chur Chuige IRB. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|