+Airteagal 159 Méideanna an chaillteanais ionchasaigh, easnamh IRB agus barrachas IRB a láimhseáil
---+Airteagal 159 1.
---+Airteagal 159 2.

Airteagal 159 Méideanna an chaillteanais ionchasaigh, easnamh IRB agus barrachas IRB a láimhseáil

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 159 1.

Déanfaidh na hinstitiúidí méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí dá dtagraítear in Airteagal 158(5), (6) agus (10) a dhealú ó shuim na nithe seo uile a leanas:

(a) 

na coigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith riosca creidmheasa a bhaineann leis na neamhchosaintí sin, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 110;

(b) 

coigeartuithe luacha breise i ngeall ar mhainneachtain an chontrapháirtí arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 34 agus a bhaineann le neamhchosaintí a ríomhtar méideanna an chaillteanais ionchasaigh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 158(5), (6) agus (10);

(c) 

laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis na neamhchosaintí sin seachas na hasbhaintí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m).

I gcás ina dtiocfaidh méid deimhneach as an ríomh arna dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfar “barrachas IRB” ar an méid a gheofar. I gcás ina dtiocfaidh méid diúltach as an ríomh arna dhéanamh i gcomhréir le torthaí na chéad fhomhíre, tabharfar “easnamh IRB” ar an méid a gheofar.

Airteagal 159 2.
Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, láimhseálfaidh institiúidí lascainí arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 166(1) ar neamhchosaintí sa chlár comhardaithe arna gceannach agus iad ar mainneachtain ar an mbealach céanna agus a láimhseálfaidh siad coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa. Ní cheadófar lascainí ar neamhchosaintí sa chlár comhardaithe arna gceannach gan iad a bheith ar mainneachtain a chur san áireamh agus easnamh IRB nó barrachas IRB á ríomh. Ní úsáidfear coigeartuithe sonracha i leith riosca creidmheasa ar neamhchosaintí ar mainneachtain chun méideanna caillteanais ionchasaigh ar neamhchosaintí eile a chumhdach. Ní áireofar i ríomh easnamh IRB ná bharrachas IRB méideanna an chaillteanais ionchasaigh i gcás neamhchosaintí urrúsaithe ná coigeartuithe ginearálta agus sonracha i leith riosca creidmheasa a bhaineann leis na neamhchosaintí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas