+Airteagal 173 Sláine an phróisis sannta
---+Airteagal 173 1.
---+Airteagal 173 2.
---+Airteagal 173 3.

Airteagal 173 Sláine an phróisis sannta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 173 1.

►M17  I gcás neamhchosaintí ar rialtais láir agus ar bhainc cheannais, neamhchosaintí ar rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla nó eintitis earnála poiblí, neamhchosaintí ar institiúidí agus neamhchosaintí ar chorparáidí, comhlíonfaidh an próiseas sannacháin na ceanglais seo a leanas: ◄

(a) 

Is páirtí neamhspleách nach mbaineann aon tairbhe dhíreach as aon chinneadh síneadh a chur leis an gcreidmheas a dhéanfaidh nó a fhaomhfaidh na sanntaí agus na hathbhreithnithe tréimhsiúla ar na sanntaí;

(b) 

Athbhreithneoidh institiúidí na sanntaí uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad agus déanfaidh siad an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe. Déanfar athbhreithnithe níos minice ar oibleagáideoirí ►C9  ardriosca ◄ agus ar ►C9  neamhchosaintí ◄ a bhfuil fadhb ag baint leo. Gabhfaidh institiúidí sannadh nua ar láimh má bhíonn faisnéis ábhartha ar an oibleagáideoir nó ar an ►C9  neamhchosaint ◄ ar fáil;

(c) 

Beidh próiseas éifeachtach ag institiúid chun faisnéis ábhartha maidir le saintréithe oibleagáideora a dhéanann difear do PDanna agus faisnéis maidir le saintréithe idirbhirt a dhéanann difear do LGDanna nó d'fhachtóirí coinbhéartacha a fháil agus a nuashonrú.

Airteagal 173 2.
I gcás ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad athbhreithneoidh institiúid na sanntaí oibleagáideora agus saoráide agus déanfaidh sí an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe, nó déanfaidh sí athbhreithniú ar shaintréithe caillteanais agus ar stádas faillí gach comhthiomsaithe aitheanta de priacail, cibé acu is infheidhme. Uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana arís eile, déanfaidh institiúid athbhreithniú i sampla ionadaíoch ar stádas ►C9  neamhchosaintí ◄ ar leith laistigh de gach comhthiomsú, lena áirithiú go sannfar na ►C9  neamhchosaintí ◄ don chomhthiomsú ceart i gcónaí, agus déanfaidh sí an sannadh a choigeartú mura mbeidh údar an sannadh reatha a iompar ar aghaidh de réir torthaí an athbhreithnithe.
Airteagal 173 3.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina leagfar amach modheolaíochtaí na n-údarás inniúil chun sláine an phróisis sannta agus an measúnú neamhspleách tráthrialta a dhéantar ar rioscaí a mheas.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2026.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas