+Airteagal 210 Ceanglais maidir le comhthaobhacht fhisiceach eile

Airteagal 210 Ceanglais maidir le comhthaobhacht fhisiceach eile

Airteagal 210

Ceanglais maidir le comhthaobhacht fhisiceach eile

Cáileoidh comhthaobhacht fhisiceach seachas comhthaobhacht maoine dochorraithe mar chomhthaobhacht incháilithe faoin gChur Chuige IBR i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

beidh an comhaontú comhthaobhachta faoina soláthraítear an chomhthaobhacht fhisiceach d'institiúid éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse iomchuí agus cuirfear ar chumas na hinstitiúide sin luach na comhthaobhachta a réadú laistigh d'amchlár réasúnta;

(b) 

cé is moite de na héilimh chéadtosaíochta incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 209(2)(b), ní cháileofar ach túsliain nó muirir ar chomhthaobhacht mar chomhthaobhacht incháilithe agus beidh tús áite ag institiúid thar gach iasachtaí eile ó thaobh fháltais réadaithe na comhthaobhachta;

(c) 

déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na comhthaobhachta go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh institiúidí faireachán níos minice sa chás go bhfuil an margadh faoi réir athruithe suntasacha dálaí;

(d) 

áireofar ar an gcomhaontú iasachta tuairiscí mionsonraithe ar an gcomhthaobhacht mar aon le sonraíochtaí mionsonraithe ar mhodh agus ar mhinicíocht an athluachála;

(e) 

déanfaidh institiúidí na cineálacha comhthaobhachta fisicí a nglacann siad leo agus na beartais agus na cleachtais atá i bhfeidhm acu maidir le méid iomchuí gach cineáil chomhthaobhachta i gcoibhneas le méid na ►C9  neamhchosanta ◄ a dhoiciméadú go soiléir i mbeartais agus i nósanna imeachta creidmheasa a bheidh ar fáil lena scrúdú;

(f) 

tabharfar aghaidh i mbeartais chreidmheasa institiúidí maidir le struchtúr na n-idirbheart ar na nithe seo a leanas:

(i) 

ceanglais chomhthaobhachta iomchuí i gcoibhneas le méid na ►C9  neamhchosanta ◄ ;

(ii) 

an cumas an chomhthaobhacht a leachtú go héasca;

(iii) 

an cumas praghas nó margadhluach a bhunú go hoibiachtúil;

(iv) 

an mhinicíocht lenar féidir an luach a fháil go héasca, lena n-áirítear breithmheas gairmiúil nó luacháil ghairmiúil;

(v) 

luaineacht nó ionadaí luaineacht luach na comhthaobhachta;

▼M17

(g) 

cuirfidh institiúidí san áireamh ina iomláine gach meath nó dífheidhmeacht maidir leis an gcomhthaobhacht agus an luacháil tosaigh agus an athluacháil á ndéanamh acu, agus tabharfaidh siad aird faoi leith ar an tionchar a bhíonn ag imeacht ama ar chomhthaobhachtaí atá íogair ó thaobh cúrsaí faisin nó dáta; maidir le comhthaobhacht fhisiceach, tabharfar aird i ndífheidhmeacht na comhthaobhachta ar cheisteanna luachála a bhaineann le CSR atá bainteach le toirmisc nó teorainneacha arna bhforchur faoi chuspóirí rialála agus gníomhartha dlí ábhartha an Aontais agus na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha d’institiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, faoi chuspóirí dlí agus rialála tríú tír;

▼B

(h) 

beidh an ceart ag institiúidí iniúchadh fisiceach a dhéanamh ar an gcomhthaobhacht. Beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm acu freisin ina dtabharfar aghaidh ar fheidhmiú a gcirt chun iniúchadh fisiceach a dhéanamh;

(i) 

beidh an chomhthaobhacht a nglacfar leis mar chosaint árachaithe a dóthain i gcoinne ►C9  riosca ◄ damáiste agus beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí chun faireachán a dhéanamh air sin.

▼M17

I gcás ina soláthraíonn comhaontuithe urraithe ginearálta, nó foirmeacha eile muirir chomhlúthaigh, éileamh cláraithe don institiúid iasachtaí ar shócmhainní cuideachta agus i gcás ina gcuimsítear leis an éileamh sin idir shócmhainní nach bhfuil incháilithe mar chomhthaobhacht faoi Chur Chuige IRB agus shócmhainní atá incháilithe mar chomhthaobhacht faoi Chur Chuige IRB, féadfaidh an institiúid na sócmhainní deireanacha sin a aithint mar chosaint creidmheasa chistithe incháilithe. Sa chás sin, beidh an t-aitheantas sin ag brath ar na sócmhainní sin a bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le hincháilitheacht comhthaobhachta faoi Chur Chuige IRB mar a leagtar amach sa Chaibidil seo.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas