|
+Airteagal 221 7. |
Airteagal 221 7.Beidh ríomh an athraithe a d'fhéadfadh tarlú i luach dá dtagraítear i mír 6 faoi réir na gcaighdeán seo a leanas ar fad:
(a)
déanfar é gach lá ar a laghad;
(b)
beidh sé bunaithe ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl;
(c)
beidh sé bunaithe ar thréimhse leachtaithe atá coibhéiseach le 5 lá, ach amháin i gcás idirbheart seachas idirbhearta athcheannaigh i leith urrús nó idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht mar a n-úsáidfear tréimhse leachtaithe atá coibhéiseach le 10 lá;
(d)
tréimhse bhreathnóireachta stairiúil iarbhír 1 bhliana ar a laghad ach amháin nuair atá údar le tréimhse bhreathnóireachta níos giorra i ngeall ar bhorradh suntasach i luaineacht praghsanna;
(e)
déanfar an tacar sonraí a úsáidtear sa ríomh a nuashonrú gach trí mhí. I gcás ina bhfuil idirbheart athcheannaigh ag institiúid, nó idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht agus idirbheart iasachta corrlaigh nó idirbheart dá shamhail nó tacar glanluachála a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 285(2), (3) agus (4), beidh an íostréimhse shealbhaíoctha i gcomhréir leis an tréimhse corrlaigh faoi ►C9 riosca ◄ a bheadh i bhfeidhm faoi na míreanna sin, i gcomhar le hAirteagal 285(5). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|