+Airteagal 221 Cur Chuige na Samhlacha Inmheánacha a úsáid le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála
---+Airteagal 221 1.
---+Airteagal 221 2.
---+Airteagal 221 3.
---+Airteagal 221 4.
---+Airteagal 221 5.
---+Airteagal 221 6.
---+Airteagal 221 7.
---+Airteagal 221 9.

Airteagal 221 Cur Chuige na Samhlacha Inmheánacha a úsáid le haghaidh máistir-chomhaontuithe glanluachála

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 221 1.
Chun na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh le haghaidh idirbhearta um maoiniú urrús nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh seachas idirbhearta díorthacha arna gcumhdach faoi mháistir-chomhaontú glanluachála incháilithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil 6, Roinn 7, féadfaidh institiúid luach neamhchosanta lánchoigeartaithe (E*) an chomhaontaithe a ríomh trí úsáid a bhaint as cur chuige na samhla inmheánaí, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i mír 2.
Airteagal 221 2.

Féadfaidh institiúid cur chuige na samhla inmheánaí a úsáid i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ní úsáideann an institiúid an cur chuige sin ach i gcás neamhchosaintí a ríomhtar méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca ina leith faoi Chur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3;

(b) 

tugann a húdarás inniúil cead don institiúid chun an cur chuige sin a úsáid.

Airteagal 221 3.
I gcás ina n-úsáideann institiúid cur chuige na samhla inmheánaí, déanfaidh sí amhlaidh i gcás gach contrapháirtí agus gach urrúis, cé is moite de phunanna neamhábhartha ar féidir léi an Cur Chuige Maoirseachta maidir le Coigeartuithe Luaineachta a úsáid ina leith, cur chuige a leagtar síos in Airteagal 220.
Airteagal 221 4.

Ní thabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid ach amháin i gcás inar deimhin leo go bhfuil córas na hinstitiúide maidir leis na priacail a thagann as na hidirbhearta a chuimsíonn an máistir-chomhaontú glanluachála slán ar bhonn coincheapúil agus curtha chun feidhme le hionracas agus i gcás ina gcomhlíonfar na caighdeáin cháilíochtúla seo a leanas:

(a) 

tá an tsamhail tomhas ►C9  riosca ◄ inmheánach a úsáidtear chun luaineacht praghsanna fhéideartha a ríomh le haghaidh na n-idirbheart comhtháite go dlúth le próiseas bainistithe ►C9  riosca ◄ laethúil na hinstitiúide agus úsáidtear í mar an bhonn le ►C9  neamhchosaintí ◄ ar ►C9  riosca ◄ a thuairisciú do bhainistíocht shinsearach na hinstitiúide;

(b) 

tá aonad rialaithe ►C9  riosca ◄ ag an institiúid a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i) 

tá sé neamhspleách ar aonaid trádála gnó agus tuairiscíonn sé go díreach don bainistíocht shinsearach;

(ii) 

tá sé freagrach as córas bainistíochta ►C9  riosca ◄ na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme;

(iii) 

déanann sé tuairiscí laethúla ar aschur na samhla tomhas ►C9  riosca ◄ agus ar na bearta iomchuí atá le déanamh i dtéarmaí teorainneacha suímh agus déanann sé anailís orthu.

(c) 

athbhreithnítear na tuairiscí laethúla a dhéantar san aonad rialaithe ►C9  riosca ◄ ar leibhéal bainistíochta ag a bhfuil údarás leordhóthanach le laghduithe a fhorfheidhmiú ar shuímh a glacadh agus le laghduithe ar ►C9  neamhchosaint ◄ fhoriomlán ar ►C9  riosca ◄ a fhorfheidhmiú;

(d) 

tá a dóthain ball foirne ag an institiúid san aonad rialaithe ►C9  riosca ◄ atá oilte i samhlacha sofaisticiúla a úsáid;

(e) 

tá nósanna imeachta bunaithe ag an institiúid le faireachán a dhéanamh ar shraith dhoiciméadaithe de bheartais agus rialuithe inmheánacha a bhaineann le feidhmiú foriomlán an chórais chun ►C9  riosca ◄ a thomhas agus lena áirithiú go gcomhlíonfar na beartais agus na rialuithe sin;

(f) 

tá cuntas teiste cruthaithe ag samhlacha na hinstitiúide maidir le cruinneas réasúnta i priacail a thomhas arna léiriú trí thástáil a théann siar ar a haschur ag úsáid sonraí bliana ar a laghad;

(g) 

déanann an institiúid dianchlár tástála struis go minic agus déanann an bhainistíocht shinsearach athbhreithniú ar thorthaí na dtástálacha sin agus léirítear iad sna beartais agus sna teorainneacha a shocraíonn sí;

(h) 

déanann an institiúid, mar chuid dá próisis iniúchóireachta inmheánaí rialta, athbhreithniú neamhspleách ar a córas chun ►C9  riosca ◄ a thomhas. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleáigh rialaithe ►C9  riosca ◄ araon.

(i) 

Uair amháin sa bhliain ar a laghad, déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar a próiseas foriomlán bainistithe ►C9  riosca ◄ .

(j) 

comhlíonann an tsamhail inmheánach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 292(8) agus (9) agus in Airteagal 294.

Airteagal 221 5.
Gabhfar líon leordhóthanach fachtóirí ►C9  riosca ◄ i samhail inmheánach tomhas ►C9  riosca ◄ na hinstitiúide d'fhonn na priacail praghais ábhartha uile a ghabháil.

Féadfaidh institiúid comhghaoil eimpíreacha úsáid laistigh de chatagóirí ►C9  riosca ◄ agus thar chatagóirí ►C9  riosca ◄ i gcás ina bhfuil a córas tomhaiste comhghaol fónta agus go gcuirtear chun feidhme é go hionraic.

Airteagal 221 6.

Déanfaidh institiúidí atá ag úsáid chur chuige na samhlacha inmheánacha E* a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

image

nuair atá:

Ei

=

luach ►C9  neamhchosanta ◄ gach ►C9  neamhchosanta ◄ ar leith faoin gcomhaontú a bheadh i bhfeidhm in éagmais na cosanta creidmheasa, i gcás ina ríomhann institiúidí na méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ a ualaíteara ualaítear ó thaobh ►C9  riosca ◄ faoin gCur Chuige Caighdeánaithe nó i gcás ina ríomhann siad na méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ a ualaíteara ualaítear ó thaobh ►C9  riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoin gCur Chuige IRB;

Ci

=

luach na n-urrús a fuarthas ar iasacht, a ceannaíodh nó a fuarthas nó an t-airgead a fuarthas ar iasacht nó a fuarthas maidir le gach aon ►C9  neamhchosaint ◄ i den sórt sin.

Agus méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ a ualaítear ó thaobh ►C9  riosca ◄ á ríomh ag úsáid samhlacha inmheánacha, úsáidfidh institiúidí aschur shamhail an lae gnó roimhe sin.

Airteagal 221 7.

Beidh ríomh an athraithe a d'fhéadfadh tarlú i luach dá dtagraítear i mír 6 faoi réir na gcaighdeán seo a leanas ar fad:

(a) 

déanfar é gach lá ar a laghad;

(b) 

beidh sé bunaithe ar eatramh muiníne aonfhoircneach 99ú peircintíl;

(c) 

beidh sé bunaithe ar thréimhse leachtaithe atá coibhéiseach le 5 lá, ach amháin i gcás idirbheart seachas idirbhearta athcheannaigh i leith urrús nó idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht mar a n-úsáidfear tréimhse leachtaithe atá coibhéiseach le 10 lá;

(d) 

tréimhse bhreathnóireachta stairiúil iarbhír 1 bhliana ar a laghad ach amháin nuair atá údar le tréimhse bhreathnóireachta níos giorra i ngeall ar bhorradh suntasach i luaineacht praghsanna;

(e) 

déanfar an tacar sonraí a úsáidtear sa ríomh a nuashonrú gach trí mhí.

I gcás ina bhfuil idirbheart athcheannaigh ag institiúid, nó idirbheart maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht agus idirbheart iasachta corrlaigh nó idirbheart dá shamhail nó tacar glanluachála a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 285(2), (3) agus (4), beidh an íostréimhse shealbhaíoctha i gcomhréir leis an tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ a bheadh i bhfeidhm faoi na míreanna sin, i gcomhar le hAirteagal 285(5).

Airteagal 221 9.

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

(a) 

cad is punann neamhábhartha ann chun críocha mhír 3;

(b) 

na critéir lena chinneadh an bhfuil an tsamhail inmheánach fónta agus curtha chun feidhme le hionracas chun críocha mhír 4 agus mhír 5 agus chun críocha na máistir-chomhaontuithe glanluachála.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2015.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas