+Airteagal 235 1.

Airteagal 235 1.

Chun críocha Airteagal 113(3), is i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas a ríomhfaidh institiúidí na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcás neamhchosaintí lena ngabhann cosaint creidmheasa neamhchistithe a gcuireann na hinstitiúidí sin an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm ina leith, gan beann ar láimhseáil neamhchosanta dírí inchomparáide ar an soláthraí cosanta:

max{0, E – GA} · r + GA· g

i gcás inarb amhlaidh gur:

E

= luach na neamhchosanta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111; chun na críche sin, beidh luach neamhchosanta ítime atá lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I cothrom le 100 % dá luach seachas luach na neamhchosanta a shonraítear in Airteagal 111(2);

GA

= méid na cosanta creidmheasa arna choigeartú i leith riosca malairte eachtraí (G*) ríomh faoi Airteagal 233(3) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronachta aibíochta ar bith mar a leagtar síos i Roinn 5 den Chaibidil seo;

r

= ualú riosca na neamhchosaintí ar an oibleagáideoir mar a shonraítear i gCaibidil 2;

g

= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le neamhchosaint dhíreach ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear i gCaibidil 2.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas