+Airteagal 235 Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoin gCur Chuige Caighdeánaithe
---+Airteagal 235 1.
---+Airteagal 235 2.
---+Airteagal 235 3.

Airteagal 235 Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoin gCur Chuige Caighdeánaithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 235 1.

Chun críocha Airteagal 113(3), is i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas a ríomhfaidh institiúidí na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca i gcás neamhchosaintí lena ngabhann cosaint creidmheasa neamhchistithe a gcuireann na hinstitiúidí sin an Cur Chuige Caighdeánaithe i bhfeidhm ina leith, gan beann ar láimhseáil neamhchosanta dírí inchomparáide ar an soláthraí cosanta:

max{0, E – GA} · r + GA· g

i gcás inarb amhlaidh gur:

E

= luach na neamhchosanta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 111; chun na críche sin, beidh luach neamhchosanta ítime atá lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I cothrom le 100 % dá luach seachas luach na neamhchosanta a shonraítear in Airteagal 111(2);

GA

= méid na cosanta creidmheasa arna choigeartú i leith riosca malairte eachtraí (G*) ríomh faoi Airteagal 233(3) arna choigeartú tuilleadh le haghaidh aisioncronachta aibíochta ar bith mar a leagtar síos i Roinn 5 den Chaibidil seo;

r

= ualú riosca na neamhchosaintí ar an oibleagáideoir mar a shonraítear i gCaibidil 2;

g

= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le neamhchosaint dhíreach ar sholáthraí na cosanta mar a shonraítear i gCaibidil 2.

Airteagal 235 2.
I gcás ar lú an méid cosanta (GA) ná an ►C9  neamhchosaint ◄ (E), ní fhéadfaidh institiúidí an fhoirmle a shonraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil na codanna cosanta agus na codanna ►C9  neamhchosanta ◄ den ►C9  neamhchosaint ◄ ar chomhshinsearacht.
Airteagal 235 3.
Féadfaidh institiúidí an láimhseáil fhabhrach a leagtar amach in Airteagal 114(4) agus (7) a leathnú chuig neamhchosaintí nó chuig codanna de neamhchosaintí arna ráthú ag an rialtas láir nó ag an mbanc ceannais amhail is dá mba neamhchosaintí díreacha iad na neamhchosaintí sin ar an rialtas láir nó ar an mbanc ceannais, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 114(4) nó (7), de réir mar is infheidhme, le haghaidh neamhchosaintí díreacha den sórt sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas