+Airteagal 259 Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoi SEC-IRBA
---+Airteagal 259 1.
---+Airteagal 259 2.
---+Airteagal 259 3.
---+Airteagal 259 4.
---+Airteagal 259 5.
---+Airteagal 259 6.
---+Airteagal 259 7.
---+Airteagal 259 8.

Airteagal 259 Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh faoi SEC-IRBA

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 259 1.

Faoi SEC-IRBA, déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail maidir le suíomh urrúsúcháin a ríomh trí luach risíochta an tsuímh, a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 248, a iolrú faoin ualú priacail is infheidhme a chinnfear mar a leanas, faoi réir íostairseach 15 % i ngach cás:



RW = 1 250 %

nuair atá D ≤ KIRB

image

nuair atá A ≥ KIRB

image

nuair atá A < KIRB < D

i gcás inarb ionann:

KIRB

agus muirear caipitil chomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha mar a shainmhínítear in Airteagal 255

D

agus an pointe dí-astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256

A

agus an pointe astaithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 256

image

i gcás inarb ionann:

a

=

– (1/(p * KIRB))

u

=

D – KIRB

l

=

uasmhéid (A – KIRB; 0)

i gcás inarb ionann:

image

i gcás inarb ionann:

N

agus líon éifeachtach na risíochtaí i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha, arna ríomh i gcomhréir le mír 4.

LGD

agus an an meánchaillteanas i gcás mainneachtana atá ualaithe ó thaobh na risíochtaí i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha, arna ríomh i gcomhréir le mír 5.

MT

agus aibíocht an tráinse arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 257.

Déanfar na paraiméadair A,B,C, D agus E a chinneadh i gcomhréir leis an tábla cuardaigh seo:



 

A

B

C

D

E

Neamh-mhiondíol

Sinsearach, gráinneach (N ≥ 25)

0

3,56

-1,85

0,55

0,07

Sinsearach, neamhghráinneach (N < 25)

0,11

2,61

-2,91

0,68

0,07

Neamhshinsearach, gráinneach (N ≥ 25)

0,16

2,87

-1,03

0,21

0,07

Neamhshinsearach, neamhghráinneach (N < 25)

0,22

2,35

-2,46

0,48

0,07

Miondíol

Sinsearach

0

0

-7,48

0,71

0,24

Neamhshinsearach

0

0

-5,78

0,55

0,27

Airteagal 259 2.
Má tá risíochtaí miondíola agus neamh-mhiondíola araon sa chomhthiomsú foluiteach IRB, roinnfear an comhthiomsú i bhfochomhthiomsú miondíola amháin agus i bhfochomhthiomsú neamh-mhiondíola amháin, agus maidir le gach fochomhthiomsú, déanfar meastachán ar p-pharaiméadar ar leithligh (agus ar na paraiméadair ionchuir freagracha N, KIRB agus LGD). Ina dhiaidh sin, déanfar meán p-pharaiméadar ualaithe a ríomh don idirbheart ar bhonn p-pharaiméadair gach fochomhthiomsaithe agus mhéid ainmniúil na risíochtaí i ngach fochomhthiomsú.
Airteagal 259 3.
I gcás ina gcuireann institiúid SEC-IRBA i bhfeidhm maidir le comhthiomsú measctha, déanfar ríomh an p-pharaiméadair a bhunú ar na risíochtaí foluiteacha faoi réir an Chur Chuige IRB amháin. Déanfar neamhaird ar na risíochtaí foluiteacha atá faoi réir an Chur Chuige Caighdeánaithe chun na gcríoch seo.
Airteagal 259 4.

Ríomhfar líon éifeachtach na risíochtaí (N) mar a leanas:

image

i gcás ina léiríonn EADi an luach risíochta a bhaineann leis an iú risíocht sa chomhthiomsú.

Comhdhlúthófar risíochtaí iolracha ar an oibleagáideoir céanna agus láimhseálfar iad mar risíocht amháin.

Airteagal 259 5.

Ríomhfar an meánLGD atá ualaithe ó thaobh risíochta, mar a leanas:

image

i gcás ina léiríonn LGDi an meán LGD a bhaineann le gach risíocht ar an iú oibleagáideoir.

I gcás ina láimhseáiltear priacail chreidmheasa agus chaolúcháin le haghaidh earraí infhaighte ceannaithe ar bhealach comhiomlán laistigh d’urrúsú, measfar an t-ionchur LGD a bheith mar mheán ualaithe an LGD i gcás priacal creidmheasa agus mar 100 % an LGD i gcás priacal caolúcháin. Is iad ceanglais chaipitil dhílse neamhspleácha an Cur chuige IRB a bhaineann le priacal creidmheasa agus le priacal caolúcháin faoi seach a bheidh ina n-ualaí. Chun na gcríoch seo, féadfar a mheas gur léiriú é cúlchiste aonair nó ró-urrúsú comhthaobhach atá ar fáil chun caillteanais de bharr priacal creidmheasa nó priacal caolúcháin a chumhdach go bhfuil na priacail seo á mbainistiú ar bhealach comhiomlán.

Airteagal 259 6.

I gcás nach mó ná 3 % sciar na risíochta foluití is mó sa chomhthiomsú (C1), féadfaidh institiúidí an modh simplithe seo a leanas a úsáid chun N agus na meánLGDanna atá ualaithe ó thaobh risíochta a ríomh:

image

LGD = 0,50

i gcás inarb ionann

Cm

agus an sciar den chomhthiomsú a chomhfhreagraíonn do shuim na m-risíochtaí is mó; agus

m

is í an institiúid a leagann síos m.

Mura bhfuil le fáil ach C1 agus murar mó an méid seo ná 0.03, féadfaidh an institiúid an LGD a leagan síos mar 0.50 agus N mar 1/C1.

Airteagal 259 7.

I gcás ina bhfuil an suíomh bunaithe ar chomhthiomsú measctha agus ina bhfuil an institiúid in ann KIRB a ríomh ar 95 % de na méideanna risíochta foluiteacha ar a laghad i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 258(1), ríomhfaidh an institiúid an muirear caipitil don chomhthiomsú risíochtaí foluiteacha mar:

image

i gcás inarb ionann

d agus an sciar de mhéid risíochta na risíochtaí foluiteacha a bhfuil an institiúid in ann KIRB a ríomh ina leith thar mhéid risíochta na risíochtaí foluiteacha go léir.

Airteagal 259 8.
I gcás ina bhfuil suíomh urrúsúcháin i bhfoirm díorthaigh ag institiúid chun priacail mhargaidh, lena n-áirítear priacail ráta úis nó airgeadra a fhálú, féadfaidh an institiúid ualú priacail atá bunaithe ar thátal a shannadh don díorthach sin, ualú atá coibhéiseach le hualú priacail an tsuímh tagartha arna ríomh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, is éard a bheidh sa suíomh tagartha ná an suíomh atá pari passu ar gach bealach leis an díorthach, nó i gcás nach ann don suíomh pari passu sin, an suíomh atá díreach faoi réir an díorthaigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas