|
+Airteagal 270e Urrús a mhapáil |
Airteagal 270e Urrús a mhapáilAirteagal 270e Urrús a mhapáil Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach sa Chaibidil seo a bhaineann le measúnuithe creidmheasa ábhartha gach IMCS a mhapáil ar bhealach oibiachtúil comhsheasmhach. Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh ÚBE an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)
idirdhealú idir na céimeanna coibhneasta priacail a chuirtear in iúl i ngach measúnú;
(b)
fachtóirí cainníochtúla a mheas, amhail rátaí mainneachtana nó caillteanais agus feidhmíocht stairiúil na measúnuithe creidmheasa a rinne gach IMCS thar aicmí sócmhainne éagsúla;
(c)
fachtóirí cáilíochtúla a mheas, amhail raon na n-idirbheart arna mheasúnú ag an IMCS, a mhodheolaíocht agus an bhrí atá lena mheasúnuithe creidmheasa, go háirithe cé acu a chuirtear an caillteanas ionchasach nó an chéad chaillteanas Euro, agus íocaíocht thráthúil úis nó íocaíocht deiridh úis san áireamh;
(d)
iarracht lena áirithiú go mbaineann suíomhanna urrúsúcháin lena gcuirtear an t-ualú priacail céanna i bhfeidhm ar bhonn measúnuithe creidmheasa IMCSanna, go mbaineann céimeanna coibhéiseacha priacail chreidmheasa leo. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|