+Section 4 External credit assessments
---+Airteagal 270b Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna
---+Airteagal 270c Ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag measúnuithe creidmheasa IMCSanna
---+Airteagal 270d Measúnuithe creidmheasa a úsáid
------+Airteagal 270d 1.
------+Airteagal 270d 2.
------+Airteagal 270d 3.
------+Airteagal 270d 4.
---+Airteagal 270e Urrús a mhapáil

Section 4 External credit assessments

Section 4 External credit assessments

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 270b Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna

Airteagal 270b

Measúnuithe creidmheasa á n-úsáid ag IMCSanna

Ní fhéadfaidh institiúidí measúnuithe creidmheasa a úsáid chun ualú priacail de chuid suíomh urrúsúcháin a chinneadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo ach amháin sa chás ina bhfuil an measúnú creidmheasa eisithe nó formhuinithe ag IMCS i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009.

Airteagal 270c Ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag measúnuithe creidmheasa IMCSanna

Airteagal 270c

Ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag measúnuithe creidmheasa IMCSanna

Chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i gcomhréir le Roinn 3, ní úsáidfidh institiúidí measúnú creidmheasa de chuid IMCS ach amháin má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

níl neamhréir ar bith idir na cineálacha íocaíochtaí atá léirithe sa mheasúnú creidmheasa agus na cineálacha íocaíochtaí a bhfuil an institiúid ina dteideal faoin gconradh as a dtagann an suíomh urrúsúcháin atá i gceist;

(b) 

foilsíonn an IMCS na measúnuithe creidmheasa agus an fhaisnéis maidir leis an anailís chaillteanais agus sreabhadh airgid, íogaireacht na rátálacha i leith athruithe i dtoimhdí foluiteacha na rátálacha, lena n-áirítear feidhmíocht na risíochtaí foluiteacha, agus maidir leis na nósanna imeachta, na modheolaíochtaí, na toimhdí agus na príomhghnéithe atá ina mbuntaca leis na measúnaithe creidmheasa i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009. Chun críocha an phointe seo, measfar faisnéis a bheith ina faisnéis atá ar fáil go poiblí má dhéantar í a fhoilsiú i bhformáid inrochtana. Ní mheasfar faisnéis nach gcuirtear ar fáil ach do líon teoranta eintiteas a bheith ina faisnéis atá ar fáil go poiblí;

(c) 

tá na measúnuithe creidmheasa san áireamh i maitrís thrasdultach an IMCS;

(d) 

níl na measúnuithe creidmheasa bunaithe ná bunaithe i bpáirt ar thacaíocht neamhchistithe arna soláthar ag an institiúid féin. I gcás ina mbeidh suíomh bunaithe nó bunaithe i bpáirt ar thacaíocht neamhchistithe, measfaidh an institiúid an suíomh sin amhail is go raibh sé gan rátáil ar mhaithe le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don suíomh sin i gcomhréir le Roinn 3;

(e) 

tá gealltanas tugtha ag an IMCS mínithe a fhoilsiú maidir leis an tionchar a bheidh ag feidhmíocht risíochtaí foluiteacha ar an measúnú creidmheasa.

Airteagal 270d Measúnuithe creidmheasa a úsáid -
Airteagal 270e Urrús a mhapáil

Airteagal 270e

Urrús a mhapáil

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach sa Chaibidil seo a bhaineann le measúnuithe creidmheasa ábhartha gach IMCS a mhapáil ar bhealach oibiachtúil comhsheasmhach. Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh ÚBE an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) 

idirdhealú idir na céimeanna coibhneasta priacail a chuirtear in iúl i ngach measúnú;

(b) 

fachtóirí cainníochtúla a mheas, amhail rátaí mainneachtana nó caillteanais agus feidhmíocht stairiúil na measúnuithe creidmheasa a rinne gach IMCS thar aicmí sócmhainne éagsúla;

(c) 

fachtóirí cáilíochtúla a mheas, amhail raon na n-idirbheart arna mheasúnú ag an IMCS, a mhodheolaíocht agus an bhrí atá lena mheasúnuithe creidmheasa, go háirithe cé acu a chuirtear an caillteanas ionchasach nó an chéad chaillteanas Euro, agus íocaíocht thráthúil úis nó íocaíocht deiridh úis san áireamh;

(d) 

iarracht lena áirithiú go mbaineann suíomhanna urrúsúcháin lena gcuirtear an t-ualú priacail céanna i bhfeidhm ar bhonn measúnuithe creidmheasa IMCSanna, go mbaineann céimeanna coibhéiseacha priacail chreidmheasa leo.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2014.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas