|
aibíocht iarmhair an idirbhirt atá cothrom leis an tréimhse is gá chun oibleagáidí conarthacha uile an idirbhirt a fhoirceannadh; chun na críche sin, measfar gur oibleagáid chonarthach í aon roghnaíocht a ghabhann le conradh díorthach; sloinnfear an aibíocht iarmhair i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre;
i gcás ina bhfuil conradh díorthach eile ag idirbheart mar bhunionstraim a d'fhéadfadh bheith ina cúis le hoibleagáidí conarthacha sa bhreis ar oibleagáidí conarthacha an idirbhirt, beidh aibíocht iarmhair an idirbhirt cothrom leis an tréimhse is gá chun oibleagáidí conarthacha uile na bunionstraime a fhoirceannadh;
i gcás idirbheart atá struchtúraithe chun
►C12
neamhchosaint ◄ gan íoc a shocrú tar éis dátaí íocaíochta sonraithe agus i gcás inar athshocraíodh na téarmaí sa chaoi gur nialas é margadhluach an idirbhirt ar na dátaí sonraithe sin, beidh aibíocht iarmhair an idirbhirt cothrom leis an tréimhse go dtí an chéad dáta athshocraithe eile; agus
|