+Airteagal 280c Forlíontán na catagóire►C12riosca◄creidmheasa
---+Airteagal 280c 1.
---+Airteagal 280c 2.
---+Airteagal 280c 3.
---+Airteagal 280c 4.
---+Airteagal 280c 5.

Airteagal 280c Forlíontán na catagóire►C12riosca◄creidmheasa

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 280c 1.

Chun críocha mhír 2, bunóidh institiúidí eintitis tagartha chreidmheasa ábhartha an tacair glanluachála i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

Beidh aon eintiteas tagartha creidmheasa ann do gach eisitheoir ionstraime fiachais tagartha a fholuíonn idirbheart aonainm arna leithdháileadh ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ creidmheasa; sannfar idirbhearta aonainm don eintiteas tagartha creidmheasa céanna i gcás ina n-eisíonn an t-eisitheoir céanna bunionstraim fiachais tagartha na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin;

(b) 

Beidh aon eintiteas tagartha creidmheasa ann do gach grúpa d'ionstraimí fiachais tagartha nó díorthaigh chreidmheasa aonainm a fholuíonn idirbheart il-ainmneacha arna leithdháileadh ar an gcatagóir ►C12  riosca ◄ creidmheasa; sannfar idirbhearta il-ainmneacha don eintiteas tagartha creidmheasa céanna i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna céanna i ngach grúpa de bhunionstraimí fiachais tagartha nó i ndíorthaigh chreidmheasa aonainm na n-idirbheart sin, agus sa chás sin amháin.

Airteagal 280c 2.

Chun críocha Airteagal 278, ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12  riosca ◄ creidmheasa le haghaidh tacar glanluachála áirithe mar leanas:

image

nuair:

AddOnCredit

=

forlíontán na catagóire ►C12  riosca ◄ creidmheasa;

j

=

an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na tacair fálúcháin ►C12  riosca ◄ creidmheasa uile arna socrú i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 277a(1) agus le hAirteagal 277a(2) le haghaidh an tacair glanluachála. agus

image

=

an forlíontán do thacar fálúcháin “j” den chatagóir ►C12  riosca ◄ creidmheasa arna ríomh i gcomhréir le mír 3.

Airteagal 280c 3.

Ríomhfaidh institiúidí forlíontán na catagóire ►C12  riosca ◄ creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j” mar leanas:

image

nuair:

image

=

forlíontán na catagóire ►C12  riosca ◄ creidmheasa le haghaidh thacar fálúcháin “j”

єj

=

comhéifeacht fachtóra maoirseachta tacair fálúcháin thacar fálúcháin “j” arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 280;

k

=

an t-innéacs lena gcuirtear in iúl eintitis tagartha chreidmheasa an tacair glanluachála arna mbunú i gcomhréir le mír 1;

image

=

fachtóir comhghaolúcháin eintiteas tagartha creidmheasa “k”; i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha creidmheasa k i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1,

image

, i gcás inar bunaíodh eintiteas tagartha creidmheasa k i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1,

image

; agus

AddOn(Entityk)

=

an forlíontán don eintiteas tagartha creidmheasa “k” arna chinneadh i gcomhréir le mír 4.

Airteagal 280c 4.

Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintiteas tagartha creidmheasa “k” mar leanas:

image

nuair:

image

=

méid barúlach iarbhír eintiteas tagartha creidmheasa k arna ríomh mar a leanas:

image

nuair:

l

=

an t-innéacs lena gcuirtear an suíomh ►C12  riosca ◄ in iúl; agus

image

=

an fachtóir maoirseachta is infheidhme maidir le heintiteas tagartha creidmheasa k arna ríomh i gcomhréir le mír 5.

Airteagal 280c 5.

Ríomhfaidh institiúidí forlíontán eintiteas tagartha creidmheasa k mar a leanas:

(a) 
maidir le heintiteas tagartha creidmheasa “k” arna bhunú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1, déanfar

image

mhapáil ar cheann amháin de na sé fhachtóir maoirseachta a leagtar amach i dTábla 3 den mhír seo ar bhonn mheasúnú creidmheasa seachtrach arna dhéanamh ag IMCS ainmnithe de chuid an eisitheora aonair chomhfhreagraigh; maidir le heisitheoir aonair nach bhfuil measúnú creidmheasa a rinne IMCS ainmnithe ar fáil ina leith:
(i) 

institiúid a úsáideann an cur chuige dá dtagraítear i gCaibidil 3, déanfaidh sí rátáil inmheánach an eisitheora aonair a mhapáil ar cheann de na measúnuithe creidmheasa seachtracha;

(ii) 

institiúid a úsáideann an cur chuige dá dtagraítear i gCaibidil 2, déanfaidh sí
image a shannadh don eintiteas tagartha creidmheasa sin; i gcás ina gcuireann institiúid Airteagal 128 i bhfeidhm, áfach, chun ►C12  neamhchosainti ◄ ►C12  riosca ◄ creidmheasa contrapháirtithe ar an eisitheoir aonair sin a ualú ó thaobh ►C12  riosca ◄ , déanfar
image a shannadh don eintiteas tagartha creidmheasa sin;

(b) 

maidir le heintiteas tagartha creidmheasa k arna mbunú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1:

(i) 

i gcás inar innéacs creidmheasa, a liostaítear ar mhalartán aitheanta, é an suíomh ►C12  riosca ◄ arna shannadh d'eintiteas tagartha creidmheasa k, déanfar
image mhapáil ar cheann den dá fhachtóir maoirseachta a leagtar amach i dTábla 4 den mhír seo ar bhonn cháilíocht chreidmheasa fhormhór a chomhpháirteanna aonair;

(ii) 

i gcás nach dtagraítear i bpointe (i) den phointe seo do shuíomh ►C12  riosca ◄ l arna shannadh d'eintiteas tagartha creidmheasa “k”, is éard a bheidh in
image ualaithe na bhfachtóirí maoirseachta arna mapáil ar gach comhpháirt i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i bpointe (a), nuair a shainmhínítear na hualuithe de réir chion mhéid barúlach na gcomhpháirteanna sa suíomh sin.



Tábla 3

Céim cáilíochta creidmheasa

Fachtóir maoirseachta d'idirbhearta aonainm

1

0,38 %

2

0,42 %

3

0,54 %

4

1,06 %

5

1,6 %

6

6,0 %



Tábla 4

Cáilíocht chreidmheasa cheannasach

Fachtóir maoirseachta d'innéacsanna luaite

Grád infheistíochta

0,38 %

Grád neamhinfheistíochta

1,06 %

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas