|
+Airteagal 325i 2. |
Airteagal 325i 2.De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh institiúidí íogaireacht aonair ar shuíomh i gcothromas nó in innéacs creidmheasa liostaithe a ríomh chun críocha na gceanglas cistí dílse i gcomhair rioscaí deilte agus cuaire a ríomh ar choinníoll go gcomhlíonann an cothromas liostaithe nó an t-innéacs creidmheasa na coinníollacha a leagtar amach i mír 3. Sa chás sin, déanfaidh institiúidí an íogaireacht aonair a shannadh don bhuicéad ábhartha mar a leagtar amach i bhFoRoinn 1 de Roinn 6 mar a leanas:
(a)
i gcás ina ndéanfaí níos mó ná 75 % de na comhpháirteanna san innéacs liostaithe sin a mhapáil ar an mbuicéad céanna, agus ualuithe an innéacs liostaithe sin á gcur san áireamh, déanfar an íogaireacht sin a shannadh don bhuicéad sin agus déanfar í a láimhseáil mar íogaireacht aonainm sa bhuicéad sin;
(b)
i ngach cás eile, déanfaidh institiúidí an íogaireacht a shannadh don bhuicéad innéacs liostaithe ábhartha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|