+Airteagal 325n 3.

Airteagal 325n 3.

Is iad seo a leanas na fachtóirí ►C12  riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin a áirítear i ACTP:

(a) 

is é a bheidh sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ rátaí um raon difríochta creidmheasa ábhartha uile eisitheoirí ►C12  neamhchosainti ◄ ionstraimí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin, a bhunaítear ar na hionstraimí fiachais agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa, agus maidir le gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.

(b) 

is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ vega a bhíonn le cur i bhfeidhm maidir le céadroghanna a áirítear i ACTP mar ionstraimí foluiteacha ná luaineachtaí intuigthe um raon difríochta eisitheoirí ►C12  neamhchosainti ◄ foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin, atá intuigthe mar a thuairiscítear i bpointe (a) den mhír seo, a ndéanfar a mhapáil ar na hurrúsúcháin seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha comhfhreagraí faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.

(c) 

is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ chuaire cuara toraidh ábhartha um raon difríochta creidmheasa eisitheoirí ►C12  neamhchosainti ◄ foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin arna shloinneadh mar veicteoir rátaí um raon difríochta creidmheasa maidir le haibíochtaí difriúla, atá intuigthe ó phointe (a) den mhír seo; maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí um raon difríochta creidmheasa ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas