+Airteagal 382a Cineálacha cur chuige chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA
---+Airteagal 382a 1.
---+Airteagal 382a 2.
---+Airteagal 382a 3.
---+Airteagal 382a 4.
---+Airteagal 382a 5.

Airteagal 382a Cineálacha cur chuige chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 382a 1.

Déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA i gcás na n-idirbheart uile dá dtagraítear in Airteagal 382 i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige seo a leanas:

(a) 

an cur chuige caighdeánaithe a leagtar amach in Airteagal 383, i gcás inar thug an t-údarás inniúil cead don institiúid an cur chuige sin a úsáid;

(b) 

an cur chuige bunúsach a leagtar amach in Airteagal 384;

(c) 

an cur chuige simplithe a leagtar amach in Airteagal 385, ar choinníoll go gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal sin.

Airteagal 382a 2.
Ní úsáidfidh institiúid an cur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), i dteannta an chur chuige dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír sin.
Airteagal 382a 3.

Féadfaidh institiúid meascán de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), a úsáid chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA ar bhonn buan dóibh seo:

(a) 

contrapháirtithe éagsúla;

(b) 

tacair glanluachála incháilithe éagsúla leis an gcontrapháirtí céanna;

(c) 

idirbhearta éagsúla den tacar glanluachála incháilithe céanna, ar choinníoll go gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 5.

Airteagal 382a 4.
Chun críocha mhír 3, pointe (c), scoiltfidh na hinstitiúidí an tacar glanluachála incháilithe ina dhá thacar glanluachála hipitéiseacha: tacar amháin ina bhfuil na hidirbhearta uile atá faoi réir an chur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus tacar eile ina bhfuil na hidirbhearta uile atá faoi réir an chur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).
Airteagal 382a 5.

Chun críocha mhír 3, pointe (c), is é an méid seo a leanas a bheidh sna coinníollacha dá dtagraítear ann:

(a) 

beidh an scoilt comhsheasmhach leis an mbealach a láimhseáiltear an tacar glanluachála dlíthiúil agus an CVA á ríomh chun críocha cuntasaíochta;

(b) 

beidh an cead arna thabhairt ag na húdaráis inniúla chun úsáid a bhaint as an gcur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), teoranta don tacar glanluachála hipitéiseach comhfhreagrach agus ní chumhdaíonn sé gach idirbheart faoin tacar glanluachála incháilithe.

Déanfaidh na hinstitiúidí doiciméadú ar an gcaoi a n-úsáideann siad meascán de na cineálacha cur chuige dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), agus mar a leagtar amach sa mhír seo, chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA ar bhonn buan.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas