|
+Airteagal 383 1. |
Airteagal 383 1.Deonóidh an t-údarás inniúil cead d’institiúid a ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA le haghaidh punann idirbheart le contrapháirtí amháin nó níos mó agus úsáid á baint as an gcur chuige caighdeánaithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, tar éis measúnú a dhéanamh ar cibé a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, an institiúid na ceanglais seo a leanas:
(a)
tá aonad ar leith bunaithe ag an institiúid a bhfuil freagracht air as bainistíocht riosca fhoriomlán agus fálú riosca CVA na hinstitiúide;
(b)
maidir le gach contrapháirtí lena mbaineann, tá samhail rialála CVA forbartha ag an institiúid chun CVA an chontrapháirtí sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383a;
(c)
maidir le gach contrapháirtí lena mbaineann, tá an institiúid in ann a ríomh, ar bhonn míosúil ar a laghad, íogaireachtaí a CVA i ndáil leis na fachtóirí riosca lena mbaineann mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 383b iad;
(d)
maidir le gach suíomh i bhfáluithe incháilithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 386 chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige chaighdeánaithe, tá an institiúid in ann a ríomh, ar bhonn míosúil ar a laghad, íogaireachtaí na suíomhanna sin i ndáil leis na fachtóirí riosca ábhartha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 383b;
(e)
tá aonad rialaithe riosca bunaithe ag an institiúid, atá neamhspleách ar aonaid trádála gnó agus ar an aonad dá dtagraítear i bpointe (a) agus a thuairiscíonn go díreach don chomhlacht bainistíochta; beidh an t-aonad rialaithe riosca sin freagrach as an gcur chuige caighdeánaithe a dhearadh agus a chur chun feidhme agus déanfaidh sé tuarascálacha míosúla a ullmhú agus a anailísiú maidir le haschur an chur chuige sin agus, thairis sin, déanfaidh an t-aonad rialaithe riosca measúnú ar oiriúnacht theorainneacha trádála na hinstitiúide agus cuirfidh sé torthaí an mheasúnaithe sin san áireamh ina thuarascálacha míosúla; beidh líon foirne leordhóthanach ag an aonad rialaithe riosca ag a bhfuil an leibhéal scileanna is iomchuí maidir lena chuspóir a chomhlíonadh. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo, is é a chiallaíonn íogaireacht CVA contrapháirtí i ndáil le fachtóir riosca ná an t-athrú cóimheasa ar luach CVA, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d’fhachtóirí riosca ábhartha CVA, arna ríomh ag úsáid shamhail CVA na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagail 383i agus 383j. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), den mhír seo is é a chiallaíonn íogaireacht suímh i bhfálú incháilithe i ndáil le fachtóir riosca ná an t-athrú cóimheasa ar luach an tsuímh sin, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d’fhachtóirí riosca ábhartha an tsuímh sin, arna ríomh ag úsáid shamhail phraghsála na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagail 383i agus 383j. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|