+Airteagal 383 Cur chuige caighdeánaithe
---+Airteagal 383 1.
---+Airteagal 383 2.
---+Airteagal 383 3.

Airteagal 383 Cur chuige caighdeánaithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 383 1.

Deonóidh an t-údarás inniúil cead d’institiúid a ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca CVA le haghaidh punann idirbheart le contrapháirtí amháin nó níos mó agus úsáid á baint as an gcur chuige caighdeánaithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, tar éis measúnú a dhéanamh ar cibé a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, an institiúid na ceanglais seo a leanas:

(a) 

tá aonad ar leith bunaithe ag an institiúid a bhfuil freagracht air as bainistíocht riosca fhoriomlán agus fálú riosca CVA na hinstitiúide;

(b) 

maidir le gach contrapháirtí lena mbaineann, tá samhail rialála CVA forbartha ag an institiúid chun CVA an chontrapháirtí sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 383a;

(c) 

maidir le gach contrapháirtí lena mbaineann, tá an institiúid in ann a ríomh, ar bhonn míosúil ar a laghad, íogaireachtaí a CVA i ndáil leis na fachtóirí riosca lena mbaineann mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 383b iad;

(d) 

maidir le gach suíomh i bhfáluithe incháilithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 386 chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige chaighdeánaithe, tá an institiúid in ann a ríomh, ar bhonn míosúil ar a laghad, íogaireachtaí na suíomhanna sin i ndáil leis na fachtóirí riosca ábhartha arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 383b;

(e) 

tá aonad rialaithe riosca bunaithe ag an institiúid, atá neamhspleách ar aonaid trádála gnó agus ar an aonad dá dtagraítear i bpointe (a) agus a thuairiscíonn go díreach don chomhlacht bainistíochta; beidh an t-aonad rialaithe riosca sin freagrach as an gcur chuige caighdeánaithe a dhearadh agus a chur chun feidhme agus déanfaidh sé tuarascálacha míosúla a ullmhú agus a anailísiú maidir le haschur an chur chuige sin agus, thairis sin, déanfaidh an t-aonad rialaithe riosca measúnú ar oiriúnacht theorainneacha trádála na hinstitiúide agus cuirfidh sé torthaí an mheasúnaithe sin san áireamh ina thuarascálacha míosúla; beidh líon foirne leordhóthanach ag an aonad rialaithe riosca ag a bhfuil an leibhéal scileanna is iomchuí maidir lena chuspóir a chomhlíonadh.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), den mhír seo, is é a chiallaíonn íogaireacht CVA contrapháirtí i ndáil le fachtóir riosca ná an t-athrú cóimheasa ar luach CVA, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d’fhachtóirí riosca ábhartha CVA, arna ríomh ag úsáid shamhail CVA na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagail 383i agus 383j.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), den mhír seo is é a chiallaíonn íogaireacht suímh i bhfálú incháilithe i ndáil le fachtóir riosca ná an t-athrú cóimheasa ar luach an tsuímh sin, mar thoradh ar athrú ar luach aon cheann d’fhachtóirí riosca ábhartha an tsuímh sin, arna ríomh ag úsáid shamhail phraghsála na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagail 383i agus 383j.

Airteagal 383 2.

Chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “aicme riosca” aon cheann de na catagóirí seo a leanas:

(a) 

riosca an ráta úis;

(b) 

riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí;

(c) 

riosca raoin difríochta creidmheasa tagartha;

(d) 

riosca cothromais;

(e) 

riosca tráchtearraí;

(f) 

riosca malairte eachtraí;

(2) 

ciallaíonn “punann CVA” an phunann atá comhdhéanta de choigeartú comhiomlán ar luacháil creidmheasa (CVA comhiomlán) agus na fáluithe incháilithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (d);

(3) 

ciallaíonn “CVA comhiomlán” suim na CVAnna a ríomhtar ag úsáid na samhla rialála CVA le haghaidh na gcontrapháirtithe dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír.

Airteagal 383 3.

Cinnfidh na hinstitiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA agus úsáid á baint as an gcur chuige caighdeánaithe, is é sin, suim na gceanglas cistí dílse seo a leanas a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 383b:

(a) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca deilte lena ngabhtar an riosca go dtiocfaidh athruithe ar phunann CVA na hinstitiúide mar gheall ar ghluaiseachtaí sna fachtóirí riosca ábhartha nach mbaineann le luaineacht;

(b) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca véige lena ngabhtar an riosca go dtiocfaidh athruithe ar phunann CVA na hinstitiúide mar gheall ar ghluaiseachtaí sna fachtóirí riosca luaineachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas