|
+Airteagal 394 1. |
Airteagal 394 1.Tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le gach ►C12 neamhchosaint ◄ mhór atá ina seilbh acu, lena n-áirítear ►C12 neamhchosainti ◄ móra atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):
(a)
céannacht an chliaint nó an ghrúpa cliant atá nasctha le chéile a bhfuil ►C12 neamhchosainti ◄ mhór ag an institiúid orthu;
(b)
luach na ►C12 neamhchosainta ◄ sula gcuirtear san áireamh éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa, i gcás inarb infheidhme;
(c)
i gcás ina n-úsáidtear é, cineál na cosanta creidmheasa cistithe nó neamhchistithe;
(d)
luach na ►C12 neamhchosainta ◄ , tar éis éifeacht an mhaolaithe phriacail chreidmheasa arna ríomh chun críocha Airteagal 395(1) a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Institiúidí atá faoi réir Caibidil 3 de Theideal II de Chuid a Trí, tabharfaidh siad tuairisc dá n-údaráis inniúla ar an 20 ►C12 neamhchosaint ◄ is mó ar bhonn comhdhlúite atá acu, cé is moite de na ►C12 neamhchosainti ◄ sin atá eisiata ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1). Ina theannta sin, tabharfaidh institiúidí tuairisc dá n-údaráis inniúla ar bhonn comhdhlúite ar ►C12 neamhchosainti ◄ ag a bhfuil luach atá níos mó ná EUR 300 milliún nó cothrom leis an méid sin ach atá níos lú ná 10 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|