|
+Airteagal 395 5. |
Airteagal 395 5.Féadfar na teorainneacha a leagtar síos san Airteagal seo a shárú maidir leis na ►C12 neamhchosanta ◄ i leabhar trádála na hinstitiúide, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
ní sháraíonn an ►C12 neamhchosanta ◄ sa leabhair neamhthrádála ar an gcliant i gceist nó ar an ngrúpa cliant atá nasctha le chéile, ní sháraíonn sí an teorainn a leagtar síos i mír 1, ar teorainn í arna ríomh ag tagairt do chaipiteal Leibhéal 1, ionas go dtiocfaidh an barrachas chun cinn go hiomlán sa leabhar trádála;
(b)
comhlíonann an institiúid ceanglas maidir le cistí dílse breise ar an gcuid den ►C12 neamhchosanta ◄ os cionn na teorann a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 397 agus Airteagal 398;
(c)
i gcás ina bhfuil 10 lá nó níos lú ná sin caite ó tharla an barrachas dá dtagraítear i bpointe (b), níl ►C12 neamhchosant ◄ an leabhair trádála ar an gcliant i gceist nó ar an ngrúpa cliant atá nasctha le chéile níos mó ná 500 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide;
(d)
i gcás aon bharrachais a mhairfidh níos faide ná 10 lá, ní mó é, i bhfoirm chomhiomlán, ná 600 % de chaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide. Gach uair a shárófar an teorainn, tabharfaidh an institiúid fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill faoi mhéid an bharrachais agus faoi ainm an chliaint lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an ghrúpa cliant atá nasctha le chéile lena mbaineann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|