|
+Airteagal 400 1. |
Airteagal 400 1.Beidh díolúine ag na ►C9 neamhchosaintí ◄ seo a leanas ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1):
(a)
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais láir, ar bhainc cheannais nó ar eintitis earnála poiblí, dá sannfaí, i gcás ina mbeidís neamhurraithe, ►C9 ualach riosca ◄ 0 % faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
(b)
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ar bhainc forbartha iltaobhacha dá sannfaí, i gcás ina mbeidís neamhurraithe, ►C9 ualach riosca ◄ 0 % faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
(c)
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh a thugann anonn na ráthaíochtaí follasacha atá ag rialtais láir, ag bainc cheannais, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag bainc forbartha iltaobhacha nó ag eintitis earnála poiblí, i gcás ina sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % d'éilimh neamhurraithe ar an eintiteas a thugann an ráthaíocht faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
(d)
►C9 neamhchosaintí ◄ eile atá inchurtha i leith rialtas láir, banc ceannais, eagraíochtaí idirnáisiúnta, banc forbartha iltaobhacha nó eintiteas earnála poiblí, nó arna ráthú acu, i gcás ina sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % ar an eintiteas a bhfuil an ►C9 neamhchosaint ◄ inchurtha ina leith nó a bhfuil sé ráthaithe ina leith faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
(e)
ítimí sócmhainne arb éard iad éilimh ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla Ballstát i gcás ina sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % do na héilimh sin faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2 agus do ►C9 neamhchosaintí ◄ eile ar na rialtais réigiúnacha nó ar na húdaráis áitiúla sin, nó arna ráthú acu, éilimh a sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2;
(f)
►C9 neamhchosaintí ◄ ar chontrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 113(6) nó (7) dá sannfaí ►C9 ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2. ►C9 Neamhchosaintí ◄ nach gcomhlíonann na critéir sin, cibé acu atá díolúine acu ó Airteagal 395(1) nó nach bhfuil, láimhseálfar iad mar ►C9 neamhchosaintí ◄ ar thríú páirtí;
(g)
ítimí sócmhainne agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile arna n-urrú le comhthaobhacht i bhfoirm taisce airgid arna dtaisceadh leis an institiúid iasachta nó le hinstitiúid ar máthairchuideachta nó fochuideachta de chuid na hinstitiúide iasachta í;
(h)
ítimí sócmhainne agus ►C9 neamhchosaintí ◄ eile arna n-urrú le comhthaobhacht i bhfoirm deimhnithe taisce arna n-eisiúint ag an institiúid iasachta nó ag institiúid ar máthairchuideachta nó fochuideachta de chuid na hinstitiúide iasachta í agus arna dtaisceadh le ceachtar díobh;
(i)
neamhchosaintí a thagann as saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe atá aicmithe mar ítimí bhuicéad 5 lasmuigh den chlár comhardaithe in Iarscríbhinn I nó socruithe conarthacha a chomhlíonann na coinníollacha mar ghealltanais nach bhfuiltear á láimhseáil mar ghealltanais agus ar an gcoinníoll go bhfuil comhaontú tugtha i gcrích leis an gcliant nó le grúpa cliant nasctha faoina bhféadfar an tsaoráid a tharraingt ar an gcoinníoll go bhfuarthas amach nach gcuirfeadh sé faoi deara an teorainn is infheidhme faoi Airteagal 395(1) a shárú;
(j)
►C12 neamhchosainti ◄ trádála na gcomhaltaí imréitigh ar chontrapháirtithe lárnacha cáilitheacha agus ranníocaíochtaí ciste mainneachtana leo;
(k)
►C9 neamhchosaintí ◄ ar scéimeanna ráthaithe taiscí faoi Threoir 94/19/CE a thagann as cistiú na scéimeanna sin, má tá oibleagáid chonarthach nó dlí ar bhall-institiúidí na scéime an scéim a chistiú;
(l)
►C12 neamhchosaintí ◄ trádála na gcliant dá dtagraítear in Airteagal 305(2) nó Airteagal 305(3);
(m)
sealúchais atá ag eintitis réitigh nó a bhfochuideachtaí nach eintitis réitigh iad féin, d'ionstraimí cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE arna n-eisiúint ag aon cheann de na heintitis seo a leanas:
(i)
maidir le heintitis réitigh, eintitis eile ar leis an ngrúpa réitigh céanna iad;
(ii)
maidir le fochuideachtaí eintitis réitigh nach eintitis réitigh iad féin, fochuideachtaí na bhfochuideachta ábhartha ar leis an ngrúpa réitigh céanna iad;
(n)
►C12 neamhchosainti ◄ a thagann as gealltanas luacha íosta a chomhlíonann na coinníollacha go léir a leagtar amach in Airteagal 132c(3). Maidir le hairgead a fhaightear faoi nóta creidmheas-nasctha arna eisiúint ag an institiúid agus maidir le hiasachtaí agus taiscí contrapháirtí chuig an institiúid nó leis an institiúid atá faoi réir comhaontaithe glanluachála laistigh den chlár comhardaithe atá aitheanta faoi Chuid a Trí, Teideal II, Caibidil 4, measfar go dtiocfaidh siad faoi phointe (g). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|