+Airteagal 403 2.

Airteagal 403 2.

I gcás ina gcuireann institiúid pointe (a) de mhír 1 i bhfeidhm:

(a) 

i gcás ina bhfuil an ráthaíocht ainmnithe in airgeadra atá éagsúil ón airgeadra sin ina bhfuil an ►C12  neamhchosaint ◄ ainmnithe, déanfaidh an institiúid méid na ►C12  neamhchosainta ◄ a mheastar a bheith cumhdaithe a ríomh i gcomhréir leis na forálacha maidir le neamhréir airgeadra a láimhseáil le haghaidh cosaint neamhchistithe creidmheasa a leagtar amach i gCuid a Trí;

(b) 

láimhseálfaidh an institiúid neamhréir idir aibíocht na ►C12  neamhchosainta ◄ agus aibíocht na cosanta i gcomhréir leis na forálacha maidir le neamhréireacha aibíochta a láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí;

(c) 

féadfaidh an institiúid cumhdach páirteach a aithint i gcomhréir leis an láimhseáil a leagtar amach i gCaibidil 4 de Theideal II de Chuid a Trí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas