+Airteagal 415 2.

Airteagal 415 2.

Déanfaidh institiúid tuairisciú ar leith do na húdaráis inniúla ar na hítimí dá dtagraítear sna caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 nó 3a den Airteagal seo, i dTeideal III go dtí go sonrófar an oibleagáid tuairiscithe agus an fhormáid tuairiscithe maidir leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i dTeideal IV agus go dtí go dtabharfar isteach i ndlí an Aontais iad, i dTeideal IV agus sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil ítimí ainmnithe in airgeadra nach é an t-airgeadra tuairiscithe é agus a bhfuil dliteanais chomhiomlána ag an institiúid atá ainmnithe in airgeadra den sórt sin arb ionann iad agus 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó an fhoghrúpa leachtachta aonair, nó a sháraíonn 5 %, gan cistí dílse agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a áireamh, déanfar an tuairisciú in airgeadra na hainmníochta;

(b) 

i gcás ina bhfuil ítimí ainmnithe in airgeadra ar airgeadra Ballstáit óstaigh é ina bhfuil brainse suntasach dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir 2013/36/AE ag an institiúid agus ina n-úsáideann an Ballstát óstach sin airgeadra eile nach é an t-airgeadra tuairiscithe é, déanfar an tuairisciú in airgeadra an Bhallstáit ina bhfuil an brainse suntasach lonnaithe;

(c) 

i gcás ina n-ainmnítear ítimí san airgeadra tuairiscithe, agus i gcás inarb ionann méid comhiomlán na ndliteanas in airgeadraí eile nach iad an t-airgeadra tuairiscithe iad agus 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó an fhoghrúpa leachtachta aonair iad, nó a sháraíonn 5 %, gan cistí dílse agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a áireamh, déanfar an tuairisciú san airgeadra tuairiscithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas